Eolas faoin suíomh seo

Fáilte go dtí sráidainm.ie, Bunachar Sráidainmneacha na hÉireann. Suíomh nua é seo chun sráidainmneacha oifigiúla na tíre (i.e. ainmneacha bóithre, sráideanna, eastát, foirgneamh, etc.) a chur ar fáil don phobal agus d’oifigigh Stáit. Tá an suíomh seo á riar ag grúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, faoi stiúradh an Bhrainse Logainmneacha sa Roinn Forbartha Tuaithe & Pobal agus Gaeltachta. Is suíomh deirféar é le logainm.ie, Bunachar Logainmneacha na hÉireann, áit a ngeobhaidh tú logainmneacha riaracháin oifigiúla na tíre (i.e. ainmneacha contaetha, ceantar, toghrann, ionad daonra, bailte fearainn, etc.), chomh maith le hainmneacha gnéithe geografacha agus mionlogainmneacha eile nach iad atá léirithe ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis (réamhtheachtaí Thailte Éireann).

Murab ionann is logainmneacha riaracháin an Stáit, a bhfuil a leaganacha Béarla socraithe cheana féin ar léarscáileanna 25ʺ de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis/Tailte Éireann agus a bhfuil a leaganacha Gaeilge á ndearbhú de réir a chéile in orduithe logainmneacha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (féach logainm.ie), is iad na 31 chomhairle áitiúil atá freagrach as a gcuid sráidainmneacha oifigiúla féin, idir Bhéarla agus Ghaeilge, a dheimhniú agus a chur ar fáil don phobal.

Idir 2004–08, chuaigh 10 gcomhairle áitiúil i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha chun thart ar 25 míle sráidainm Gaeilge a shocrú agus a dheimhniú. Cuireadh iad seo le logainm.ie in 2008. Idir 2017–19, chuaigh DCU i bpáirt le Tailte Éireann (OSi ag an am) chun 13 míle sráid nach raibh ar logainm.ie a chur leis an mbunachar. Ansin, idir 2023–25, chuaigh DCU i bpáirt leis na 31 comhairle áitiúil, le tacaíocht ón mBrainse Logainmneacha, chun foirmeacha Gaeilge a shocrú agus a dheimhniú don 13 míle sráidainm seo. Tá an obair seo fós ag dul ar aghaidh agus beidh na torthaí á bhfoilsiú ar sráidainm.ie de réir a chéile le linn 2025–26. Mhaoinigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta [An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag an am] obair DCU seo faoi scáth thionscadal Logainm.

Anois, agus tacar réasúnta iomlán de shráideanna (38 míle) le hainmneacha Béarla agus Gaeilge deimhnithe ag na húdaráis áitiúla curtha le chéile againn, tá cinneadh glactha againn na sráideanna a chur ar fáil trí shuíomh ar leith chun an deighilt feidhme agus freagrachta a chur in iúl go soiléir, i.e. logainm.ie = leaganacha Gaeilge de logainmneacha riaracháin oifigiúla (bídís dearbhaithe ag an Aire in orduithe logainmneacha nó molta chun úsáid oifigiúil ag an mBrainse Logainmneacha) vs sráidainm.ie = foirmeacha Gaeilge de shráidainmneacha oifigiúla (deimhnithe ag na 31 comhairle áitiúil). Tabhair faoi deara nach bhfuil aon chóras lárnach náisiúnta i bhfeidhm chun sráidainmneacha nua a chlárú, ach tá súil againn go gcuirfear córas éigin i bhfeidhm go luath agus go mbeifear ábalta sráidainmneacha nua a chlárú sa bhunachar seo de réir mar a shocraítear agus a dheimhnítear iad.

Idir an dá linn, beidh DCU ag obair ar thogra tánaisteach (á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta) chun línte geografacha na sráideanna a fháil ó OpenStreetMap agus a chur le sráidainm.ie chun an t-eispéireas brabhsála a fheabhsú. Tá an chéad chéim den obair seo le feiceáil cheana ar an suíomh i bhFine Gall.