BRABHSÁIL

Údarás áitiúil

Comhairle Contae Cheatharlach
Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as ceartfhoirmeacha Gaeilge agus Béarla na sráidainmneacha a sholáthar i ngach limistéar.

Ordlathas

contae

ceantar bardasach

barúntacht

paróiste dlí

toghroinn

baile

bóthar, sráid

bóthar, sráid
Bóthar Bhaile Staplóg
ginideach: Bhóthar Bhaile Staplóg
(Gaeilge)
Staplestown Road
(Béarla)

Údarás áitiúil

Comhairle Contae Cheatharlach
Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as ceartfhoirmeacha Gaeilge agus Béarla na sráidainmneacha a sholáthar i ngach limistéar.

Lárphointe

52.8359, -6.92387domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

(an dá thagairt seo i measc cartaí Liam Price san oifig)
Moladh Baile an Staplógaigh go sealadach, 7. ainm post-oifige dá réir Bóthar Bhaile an Staplógaigh don Roinn Poist agus Teileagrafa (litir 24 Meitheamh 1980).
Dheimhnigh an Coimisiún Bóthar Bhaile Staplóg ag cruinniú 17/10/80
STAPLESTOWN - an fhianaise
I. Go bunúsach níl ach dhá leagan amháin le fáil:
(1) Foirm ghallda ar fad
Níl i STAPLERSTOWN (1575), STABLERSTOWN ( 1600), STAPLETOWNE (1659) ach macallaí ar an leagan so.
Dá mbeadh leagan Meánaoiseach le fáil air seo, bheifí ag súil le
*STACPOLISTON
nó a leithéid (feach Aguisín 3).
Is léir go raibh daoine dár shloinne STACKPOOLE sa cheantar sa Mheánaois (féach Aguisín 2)
(2) Foirm ghallda atá ina macalla ar an leagan Gaeilge
BALLYSTAPLOCKE (1s BALLYSTOPLOCKE) FEd 366 (1549)
Níl i STAPLOCKSTOWNE (1626), STAPLOCKSTONE (1636) ach "Béarlú meicniúil" ar an leagan so.
II. Mar Ghaelú ar *STACPOLISTON, bheifí ag súil le
*BAILE AN STACPÓLAIGH
nó, dá mba rud é go mbeadh meataitéis ann
*BAILE AN STAPLÓGAIGH (féach Aguisín 4)
III. Mar litriú Béarlaithe ar *BAILE AN STAPLÓGAIGH sa 16ú haois, bheifi ag súil le
*BALLINSTAPLOGIE
*BALLINSTAPLOCKE
*BALLYSTAPLOCKE (féach Aguisín 5)
Tá BALLYSTAPLOCKE againn. Mura bhfuil *BALLINSTAPLOGIE nó *BALLINSTAPLOCKE le fáil, is toisc go bhfuil cáipéisí a bhaineann leis an gceantar so gann go maith.
1549
Ballystaplocke
F Leathanach: 366
1552
Ballystaplocke
Cal. Carew Leathanach: 606 p. 87
1571
Ballytapeloke
Cal. Carew Leathanach: 635 p. 90
1572
Ballystaplocke
F Leathanach: 2103
1575
Staplerstown
Mercator
1600
Stablerstown
F Leathanach: 6408
1603
Staplestown
F Leathanach: 6775
1603
Staplestown
F Leathanach: 6775
1612
Ballystapleoake
CRP Leathanach: 225/IX
1626
Staplockstowne
Inq.
1626
Staplestowne
Inq.
1636
Staplockstone
Inq.
1655
Staplestowne
DS
1659
Stapletowne
Cen.
1683
Stapleston
Hib. Del.
1839
Staplestowne i.e. town of the market.
OD:AL
1839
Ní thugtar foirm Ghaeilge.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.