sráid
Ardán Mhaidilín
ginideach: Ardán Mhaidilín
(Gaeilge)
Magdalen's Terrace
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Ardán Mhaidilín/Magdalen’s Terrace. Cé gur féidir Magdalen’s Terrace a aistriú le Ardán Mhaigdiléana (féach Ardán Mhaigdiléana/Magdalene Terrace i nGaillimh; logainm.ie #1384749), moltar Ardán Mhaidilín mar leagan Gaeilge de Magdalen’s Terrace atá suite ag Baile Mhaidilín/Maudlintown i mBaile Loch Garman. Tá an t-ainm Magdalene fianaithe mar Maigdiléan sa Ghaeilge féin (féach: corpas.ria.ie), ach is leagan eile den ainm Magdalene/Maudlin é Maidilín freisin (féach logainm.ie #1413991), agus is é sin atá molta in ainm an bhaile fearainn agus an pharóiste dhlí Baile Mhaidilín/Maudlintown. Dá bharr moltar Ardán Mhaidilín/Magdalen’s Terrace sa chás seo. Is díol spéise é go bhfuil carraig mhór darb ainm The Maiden Tower sa cheantar céanna fosta, agus tá an t-ainm sin le díorthú ó Magdalene freisin.

  • English

    Even though Magdalen’s Terrace could be translated with Ardán Mhaigdiléana (see Ardán Mhaigdiléana/Magdalene Terrace in Galway; logainm.ie #1384749), Ardán Mhaidilín is recommended as the Irish form of Magdalen’s Terrace here, which is situated in Baile Mhaidilín/Maudlintown. The name Magdalene is attested in Irish as Maigdiléan (see corpas.ria.ie). However, Maidilín is an alternative Irish version of the name Magdalene/Maudlin (see: logainm.ie #1413991), and that is the version of the name already found in Baile Mhaidilín/Maudlintown, the name of a civil parish and townland in Wexford Town. It is interesting to note that there is a large rock called The Maiden Tower in the area also, and that name too is derived from Magdalene. (CÓC)