BRABHSÁIL

Údarás áitiúil

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as ceartfhoirmeacha Gaeilge agus Béarla na sráidainmneacha a sholáthar i ngach limistéar.

Ordlathas

contae

cathair

sráid

sráid
Muileann an Chaca
ginideach: Mhuileann an Chaca
sráidainm deimhnithe ag an údarás áitiúil (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Mullinahack
(Béarla)

Údarás áitiúil

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as ceartfhoirmeacha Gaeilge agus Béarla na sráidainmneacha a sholáthar i ngach limistéar.

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the mill of the ordure, excrement; the shit (worthless) mill

    Díol spéise an logainm seo de bhunús Gaeilge a mhaireachtaint mar shráidainm i lár na cathrach. Mír choitianta dhímholta is ea an chaca “of the excrement” a thagann i gceist i roinnt logainmneacha. Sa Nua-Ghaeilge is ionann é, nach mór, agus na haidiachtaí crap, shit ‘gan aon mhaith’ sa Bhéarla (ghlaoití Séamas an Chaca a chaill Éire ar Shéamas II a chaill Cath na Bóinne, mar a luann Ó Donnabháin faoin logainm bf Táite an Chaca (#40116) i gCo. Mhuineacháin). Uaireanta bhraitheadh muintir na háite go raibh na logainmneacha seo mídheas, gur leasadar an t-ainm (cf. an logainm Béarla Leperstown a hathraíodh go Leopardstown): sampla cáiliúil is ea bf Cnoc an Chaca “the hill of the excrement” (#31782) i gContae Luimnigh, a d’aistrigh muintir na háite go Sugarhill le linn an athrú teangan go Béarla. Tá sampla againn sa Ghaeilge féin, leis: de réir gach dealraimh ba é Log an Chaca “the hollow of the excrement” bunfhoirm an logainm athmhínithe bf Log an Chatha “the hollow of the battle” (#45107) i gCo. Shligigh.

Lárphointe

53.3441, -6.27697domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1749
Mullenahack
Dublin Assembly Roll: "We ... find that the city, at Easter assembly, 1656, demised to John Chamberlain ... a malt house and two tenements in Croker's lane (now known by the name of Mullenahack)"
CARD Imleabhar: IX, Leathanach: 304
1760
Mullina Hack
Rocque

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.