Téamaí faoi thrácht
Scagadh ar rogha téamaí coitianta i logainmneacha na hÉireann. Foilsítear na blúirí eolais seo go tráthrialta.
Copóga
Cúil na gCopóg / Coolnagoppoge
“the recess, nook of the docks”
(féach logainm.ie #22482)
Dáta: 25/05/2026
Neantóg a dhóigh mé, copóg a leigheas mé!, mar a mhúintear sa naíonra. Ní i dtraidisiún na Gaeilge amháin atá an cháil seo luaite leis an gcopóg, ar ndóigh, cé go bhfuil sé gan bunús dá laghad san eolaíocht. Is fíor, ámh, go mbíonn an dá phlanda sin ag fás in éineacht le chéile go minic .i. an neantóg taobh leis an gcopóg. (Seans go dtabharfaidh tú é seo faoi deara an chéad uair eile a dhófar thú, nuair a bheidh an pléascadh mionnaí thart.) Dála na neantóg, tá go leor samplaí againn de copóg in ainmneacha bailte fearainn, mar a phléifimid anois.
An chéad rud a thugaimid faoi deara faoin eilimint copóg ná comhlogú (collocation) leis an aicmitheoir (generic element) cúil “nook, recess”. Faighimid Cúil na gCopóg “the recess, nook of the docks” mar ainm baile fearainn i gContaetha Thiobraid Árann (logainm.ie #47726), Chiarraí (logainm.ie #22482; #22828; #22974), Cheatharlach (logainm.ie #3245), Chill Chainnigh (logainm.ie #26563) agus Phort Láirge (logainm.ie #50347). (Is mar Coolnacoppoge a béarlaíodh na logainmneacha ar fad, seachas an chéad cheann i dTiobraid Árann ar athbhaisteadh Springhill air sa 19ú haois.) Níl ach sampla amháin eile de Cúil na gCopóg lasmuigh de Leath Mhogha, mar atá i gContae Aontroma, ach níl an éagothroime chéanna le brath ar dháileamh na logainmneacha le copóg i dteannta le heilimintí eile. Is i Leath Choinn do na logainmneacha seo a leanas: Leithcheathrú na gCopóg / Lecarrownagappoge “the half-quarter (land measure) of…” (logainm.ie #20057) i gContae na Gaillimhe; Mín na gCopóg “the level ground of…” (logainm.ie #14432) agus Srath na gCopóg “the river valley of…” (logainm.ie #14712) i nGaeltacht Thír Chonaill; agus Cluain na gCopóg / Cloonnagoppoge “the (wet) pasture of…” (logainm.ie #34810) i gContae Mhaigh Eo. (Thairis sin, tá dhá cheann eile le cur san áireamh, is dócha, i gContaetha an Dúin agus Thír Eoghain.) Tá tuilleadh samplaí le fáil ó dheas arís: Cnoc na gCopóg / Knocknaguppoge “the hill of…” (logainm.ie #27031) i gContae Chill Chainnigh; Tuairín na gCopóg / Tooreennaguppoge (logainm.ie #10621) i gContae Chorcaí agus Tuar na gCopóg / Toornagoppoge (logainm.ie #49960) i gContae Phort Láirge, a bhfuil an focal tuar “bleaching-green; lea-field” iontu (FGB s.v. tuar). Agus ní bheadh aon fheirmeoir néata sásta leis an sampla deireanach Goirtín na gCopóg / Gorteenaguppoge “the (little) field of the docks” (logainm.ie #8030), ainm baile fearainn i gContae an Chláir!
Tabhair faoi deara nach liosta iomlán uileghabhálach é seo, mar is ann do thuilleadh beag fós nach iad. (Tabhair faoi deara, freisin, nach nglacann an Brainse Logainmneacha freagracht as cumhacht leighis na gcopóg a fhásann in aon áit atá luaite thuas.)
Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill
- Cúil na gCopóg/Coolnacuppoge
- Goirtín na gCopóg/Gorteennaguppoge
- Tuairín na gCopóg/Tooreennaguppoge
- Mín na gCopóg/Meenagoppoge
- Srath na gCopóg/Stranagoppoge
- Leithcheathrú na gCopóg/Lecarrownagappoge
- Cúil na gCopóg/Coolnagoppoge
- Cúil na gCopóg/Coolnagoppoge
- Cúil na gCopóg/Coolnagoppoge
- Cúil na mBriosclán nó Cúil na gCopóg/Coolnambrisklaun or Coolnacoppoge
- Cnoc na gCopóg/Knocknaguppoge
- Coill Neantóige Íochtarach/Kilnantoge Lower
- Cúil na gCopóg/Springhill
- Tuar na gCopóg/Toornagoppoge
- Cúil na gCopóg/Coolnagoppoge
An sceach faoi bhláth
Cnoc Sceiche Moling/Knockskemolin “the hill of the hawthorn of St.Moling”
(féach logainm.ie #53289)
Dáta: 18/05/2026
Níl aon radharc is mó a ardaíonn croíthe daoine le linn an tsamhraidh ná an sceach gheal agus í faoi bhláth go lonrach gléigeal ó cheann ceann na tíre — is maith mar atá a leasainm bláth bán na Bealtaine tuillte aici! (Tá áilleacht dá chuid féin ag baint leis an luibh eile úd lus buí Bealtaine .i. Brl. marsh-marigold .i. Caltha palustris, ach sin scéal eile.) Agus faoi mar a bhíonn an sceach féin le feiscint go rábach ar fud na tíre an taca seo den bhliain, is raidhsiúil mar eilimint í in ainmneacha bailte fearainn chomh maith — thart ar 200 sampla ar an iomlán. Tá an bhrí chéanna le Achadh na Sceach/Aghnaskea (#33241) i gContae an Longfoirt is atá le Gort na Sceach/Gortnaskeagh i gContaetha Chiarraí (#22982) agus Liatroma (#29856), ar ndóigh .i. “the field of the hawthorns”. Agus díol spéise na haistriúcháin scaoilte a rinneadh ar Cnoc na Sceach “the hill of the hawthorns” (#8762) i gContae Chorcaí, mar Thornhill, agus ar Machaire na Sceach “the plain, field of the hawthorns” (#28712) i gContae Laoise, mar Bushfield — brí thánaisteach le sceach is ea “thorn-bush”. Leathaistriúchán den saghas céanna faoi ndear Bushypark a dhéanamh de Páirc na Sceach “the park of the hawthorns” (#18670) i gContae na Gaillimhe — ach is cosúil gur ainm de bhunús Béarla é Bushypark eile i gContae Chill Dara (#25159). Is cosúil gur baineadh úsáid as an ainm Béarla céanna sin Bushypark mar leathaistriúchán ar Scairt an Arbha “the thicket of the grain” (#10400) i gContae Chorcaí, siúd is nach raibh baint dá laghad ag an logainm Gaeilge leis an sceach.
Ní miste aird speisialta a tharraingt anseo ar dhá logainm i gContae Loch Garman ina bhfuil an eilimint sceach (gin. u. sceiche) le fáil, mar atá Sceach Moling/Scaughmolin “the hawthorn of Saint Moling” (#54320) agus Cnoc Sceiche Moling/Knockskemolin “the hill of the hawthorn of Saint Moling” (#53289). Baineann siad seo le tacar beag d’ainmneacha bailte fearainn sa Chontae Riabhach ina bhfuil an naomh dúchasach Moling luaite le crainn. Sa ghrúpa seo freisin tá Muine Moling/Monamolin “the thicket of Moling”, a bhfuil dhá shampla den ainm céanna le fáil agus iad suite 60km slí óna chéile: is iad sin, ainm baile fearainn gar do Ráth an Iúir, lastuaidh de Ros Mhic Thriúin (#53556), agus ainm baile fearainn (agus paróiste dlí) gar do Bhaile Uí Chonnmhaí, laisteas de Ghuaire (#1411737). Féach an sliocht seo a leanas as Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman (2016) lgh. 1209–1210 (arna fhoilsiú ag an mBrainse Logainmneacha/Placenames Branch ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán [mar atá anois]):
Moling, bishop of Ferns diocese in the seventh century, is the eponym of the parish names ST. MULLIN'S (par.) and MONAMOLIN (par.), as well as the townlands of MONAMOLIN (par. Templeludigan) and SCAUGHMOLIN (par. Rathaspick). The generic elements sceach “hawthorn” (see de Vál, 1987 p.56) and muine “thicket, brushwood” in these names may originate in the saint’s association with Suibhne Geilt “Suibhne the madman” in Irish literary tradition. Suibhne, driven mad by the terror of battle, resorted to roaming and living wild in trees and hedges. After an encounter with Saint Moling he began to visit his monastery for food each evening after his travels (see ITS xii). This legend seems to have generated the notion of a particular sceach “hawthorn” or muine “thicket”, where Suibhne could sleep, in the environs of Moling’s foundations. Note that Kilnamanagh, the parish in which this townland [Knockskemolin] is located, was also dedicated to Moling (see Culleton, 1999 p.211; cf. RATHASPICK, par.).
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Cnoc na Sceach/Thornhill
- Scairt an Arbha/Bushypark
- Páirc na Sceach/Bushypark
- Gort na Sceach/Gortnaskeagh
- Páirc na Sceach/Bushypark
- Machaire na Sceach/Bushfield or Maghernaskeagh
- Gort na Sceach/Gortnaskeagh
- Achadh na Sceach/Aghnaskea
- Cnoc Sceiche Moling/Knockskemolin
- Muine Moling/Monamolin
- Sceach Moling/Scaughmolin
- Muine Moling/Monamolin
An ghrian
Bealach Gréine / Ballygreany “pass of (the) sun”
(féach logainm.ie #40528)
Dáta: 11/05/2026
Seo linn ag treabhadh trí mhí na Bealtaine le téama an tsamhraidh. Tá an focal grian coitianta go leor mar eilimint in ainmneacha bailte fearainn, ach mar is gnách, is minic a bhíonn níos mó ná míniú amháin le léamh ar chuid de na samplaí sin féin. Ach cuir i gcás an logainm Buaile na Gréine/Ballynagrenia “the boley, cattle-fold of the sun” (#50797) i gContae na hIarmhí: cruthúnas atá san alt ginideach baininscneach na ansin gurb é an t-ainmfhocal coitianta atá sa treis (agus é ag tagairt don ‘c[h]orpán spéire a thugann teas agus solas sa lá dúinn’, mar a chuirtear go snasta é san Fhoclóir Beag). Sin é atá i gceist freisin in Achadh na Gréine/Auburn “the field of the sun” (#50761), ainm baile fearainn eile i gContae na hIarmhí, agus in Baile na Gréine “the town(land) of the sun”, logainm Gaeilge a béarlaíodh mar Ballynagrany i gContae Cheatharlach (#3175) agus mar Ballynagrena i gContae Lú (#33997). I gContae Chorcaí, faighimid Lios na Gréine/Sunfort “the ring-fort of the sun” (#10707), Ros na Gréine/Rossnagrena “the wooded height of the sun” (#8543 agus Ard na Gréine/Ardnagrena “the height of the sun” (#12993). Ar na samplaí flúirseacha eile ar fud na tíre ba cheart aird ar leith a tharraingt ar Móin na Gréine/Monagreany “the bog(land) of the sun” (#53213) i gContae Loch Garman, ós rud é go bhfuil sé suite i gceartlár an Oirdheiscirt, áit a bhfuil buntáiste na gréine aige de réir fhógraíocht na turasóireachta.
In éagmais an ailt na, áfach, titeann logainmneacha den sórt seo i ndoiléire. B’fhurasta an logainm Áth Gréine/Athgreany (#54756) i gContae Chill Mhantáin a thuiscint mar a bheadh “the ford of Grian”, cuir i gcás, ó tharla gur bhandia de chuid na sean-mhiotaseolaíochta ab ea Grian (gin. G(h)réine). Ach is amhlaidh atá ciorcal cloch ar an mbaile fearainn sin, agus é riartha faoi choinne ghrianstad an gheimhridh: féach ‘[the] outlier and the entrance stones are in a direct line with the setting sun at the Midwinter Solstice’ (Richard Marsh, Tales of the Wicklow Hills (2007) p. 67). I bhfianaise an eolais breise seo is é is dealraithí ná gurbh í grian na spéire a bhí i gceist sa logainm sin i ndeireadh na dála. Scéal eile fós atá taobh thiar de Cnoc Gréine/Knockgrean (#32401) i gContae Luimnigh. Ní dia ná réalt atá faoi thagairt ansiúd, ach ainm seandúiche .i. Grian, a mhaireann féin mar theideal ar pharóiste dlí atá béarlaithe anois mar Grean (#1547) (féach Logainmneacha na hÉireann I: Contae Luimnigh). Dá bhrí sin is léir gur gá, mar is gá riamh, anailís chuimsitheach a dhéanamh ar gach logainm den sórt seo ceann ar cheann chun solas a chaitheamh ar a bhunús ceart. Féach mar shampla na logainmneacha débhríocha Tuaim Ghréine/Tomgraney “mound of (the) sun” nó “the mound of Grian” (#7778) i gContae an Chláir; Bealach Gréine/Ballygreany “pass of the sun” nó “the pass of Grian” (#40528) i gContae Mhuineacháin; an dá bhaile fearainn éagsúla darb ainm Cill Ghréine/Kilgraney “church of (the) sun” nó “the church of Grian” (#3513), (#3120) i gContae Cheatharlach; agus Cúil Ghréine/Coolgreany “recess of (the) sun” or “the recess of Grian” (#52954) i gContae Loch Garman. Téann sé dian an sanas cruinn a dhéanamh amach ina lán logainmneacha dá leithéid. Bhí na sean-Ghaeil chomh tógtha sin leis an dinnseanchas samhlaitheach gurb amhlaidh nach mbeifear cinnte go deo cé acu is cirte a thuiscint as leithéid Bealach Gréine/Ballygreany (#40528) i gContae Mhuineacháin, cuir i gcás — “pass of (the) sun” nó “the pass of Grian”.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Grian/Grean
- Cill Ghréine/Kilgraney
- Baile na Gréine/Ballygraney
- Cill Ghréine/Kilgraney
- Tuaim Gréine/Tomgraney
- Ros na Gréine/Rossnagrena
- Lios na Gréine/Sunfort
- Ard na Gréine/Ardnagrena
- Cnoc Gréine/Knockgrean
- Baile na Gréine/Ballynagrena
- Bealach Gréine/Ballygreany
- Achadh na Gréine/Auburn
- Buaile na Gréine/Ballynagrenia
- Cúil Ghréine/Coolgreany
- Móin na Gréine Íochtarach/Monagreany Lower
- Áth Gréine/Athgreany
Lá Bealtaine
Baile Maoilbhealtaine/Maytown “the town(land) of Maoilbhealtaine”
(féach logainm.ie #12121)
Dáta: 04/05/2026
Chonaiceamar cheana gur ghlac Lá Fhéile Bhríde áit Iombolg (< SG Imbolc), an seanainm ar fhéile mhór an earraigh, le linn tréimhse na Luath-Chríostaíochta. Ach murab ionann is Iombolg, tá an t-ainm dúchasach ar fhéile an tsamhraidh .i. Bealtaine (< SG Beltaine), in úsáid anuas go dtí an lá atá inniu ann, gan amhras, agus é ag tagairt don mhí ar fad de ghnáth (eDIL s.v. Bel(l)taine). Tá an focal le fáil freisin i ndornán ainmneacha bailte fearainn, amhail Lios Bealtaine/Lisbalting “the ring-fort of May” (#48350) i gContae Thiobraid Árann; An Bhealtaine/Beltany i gContaetha Dhún na nGall (#16481) agus Thír Eoghain (#63248); Sliabh na Bealtaine/Beltany Mountain (#14425) i gContae Dhún na Gall; agus Tamhnaigh Bhealtaine/Tamnaghvelton “the grassy upland of May” (#1417840) i gContae Ard Mhacha, an baile fearainn inar bunaíodh an baile muilinn Laurelvale (#136051) sa 19ú haois.
Tá tagairt níos indírí don Bhealtaine le fáil sa logainm Baile Maoilbhealtaine “the town(land) of Maoilbhealtaine” (#12121) i gContae Chorcaí. Ainm pearsanta an-neamhchomónta ab ea Maoilbhealtaine, a bhí ar aon mhúnla le Maolphádraig “servant of Pádraig” < maol + Pádraig (eDIL s.v. 3 Máel), srl. Bhí a leithéid de dhéantús ainmneacha pearsanta, atá pléite againn i nóta eile cheana, thar a bheith coitianta tráth dá raibh ach is cosúil go raibh an nós tite i léig faoi na meánaoiseanna déanacha. Ba é maol + ainm naoimh an struchtúr ba chomónta, ach cruthaíodh leasainmneacha ar an múnla céanna freisin, ar nós Maolanfa “servant of (the) storm” < anfa, a thug an sloinne Ó Maolanfa/Ó Maolanfaidh dúinn — béarlaithe mar Melamfy. Is den chatagóir seo don ainm pearsanta Maoilbhealtaine “servant of Bealtaine” freisin.
Béarlaíodh Baile Maoilbhealtaine mar Maytown, ainm nach bhfuil ach ina leathaistriúchán — ní bheadh a fhios ag duine gur sheanainm pearsanta Gaelach a bhí sa cháilitheoir an chéad lá. Tá dhá bhaile fearainn eile in Éirinn darb ainm Béarla Maytown, ceann acu i gContae Loch Garman agus ceann eile i gContae Ard Mhacha. Ní léir aon bhaint a bheith ag ceachtar acu seo leis an mBealtaine, áfach, mí ná féile. Logainm de bhunús Béarla é an sampla de Maytown (#54165) i gContae Loch Garman a d’fhéadfadh a theacht ó Brl. mead “meadow” + town; tá sanas Maytown Chontae Ard Mhacha níos doiléire fós (féach an fhianaise stairiúil agus an nóta tráchtaireachta ag PlacenamesNI.org). Le haghaidh plé cuimsitheach uileghabhálach ar an bhfocal Bealtaine i logainmneacha féach Kay Muhr, ‘Bealtaine in Irish and Scottish Place-names’, The Journal of Scottish Name Studies 10.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
Baile na mBocht / Mayfield
‘the town(land) of the poor’ (logainm.ie #129588)
Dáta: 30/04/2026
Sa téama seachtainiúil a postáladh ar logainm.ie roimh thús na Bealtaine 2024, luamar go bhfuil an focal Bealtaine, a thagraíonn d’fhéile an tSamhraidh, fós in úsáid sa Ghaeilge go dtí an lá inniu, ag tagairt don mhí go príomha (see logainm.ie Baile Maoilbhealtaine). Faightear é i ndornán ainmneacha bailte fearainn chomh maith, amhail Lios Bealtaine / Lisbalting “(the) ring-fort of May” (logainm.ie #48350) i gContae Thiobraid Árann, chomh maith le An Bhealtaine / Beltany i gContaetha Dhún na nGall (logainm.ie #16481) agus Thír Eoghain (logainm.ie #63248). Anuas ar an méid sin, is ann do Sliabh na Bealtaine / Beltany Mountain (logainm.ie: 14425) i gContae Dhún na nGall agus Tamhnaigh Bhealtaine / Tamnaghvelton “(the) grassy upland of May” (logainm.ie #1417840) i gContae Ard Mhacha freisin. Ainm atá píosa beag níos neamhghnáiche, agus a thagraíonn do Bealtaine “May” ar bhealach indíreach, is ea Baile Maoilbhealtaine “the (town)land of Maoilbhealtaine” i gContae Chorcaí. Ainm pearsanta is ea Maoilbhealtaine atá fíor-neamhchoitianta agus atá ar aon dul leis an struchtúr atá le feiceáil i leithéidí Maolphádraig < maol “servant” + Pádraig (.i. ainm an naoimh). Bhí ainmneacha pearsanta den struchtúr sin an-choitianta tráth ach is cosúil go raibh siad tite i léig faoi na meánaoiseanna deireanacha. Ainmneacha naomh a leanadh an eilimint maol den chuid is mó, chun dúthracht a chur in iúl, ach is amhlaidh a chruthaítí leasainmneacha ar an gcaoi céanna: cuir i gcás Maolanfa < maol + anfa “storm”, ainm a thug an sloinne Ó Maolanfa (NGM Ó Maolanfaidh), a bhéarlaítear mar Melamfy go coitianta. Níl aon amhras ach go mbaineann an t-ainm Maoilbhealtaine leis an dara catagóir seo. Dá bhrí sin, níl Maytown go hiomlán cruinn mar bhéarlú ar an logainm Baile Maoilbhealtaine, mar ní chuireann sé in iúl go raibh ainm pearsanta mar chuid de ar chor ar bith.
Tá dhá bhaile fearainn eile sa tír a bhfuil Maytown orthu sa Bhéarla, ceann i gContae Loch Garman agus ceann eile i gContae Ard Mhacha. Tá an chuma ar an scéal, áfach, nach bhfuil aon bhaint ag ceachtar acu seo le mí na Bealtaine féin. Is cosúil gur ainm de bhunadh an Bhéarla é Maytown i Loch Garman < mead “meadow” + town (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mBailte Fearainn, Co. Loch Garman). Tá Maytown Ard Mhacha níos doiléire fós, gan aon chinnteacht ann faoina bhunús (féach placenamesni.org: Maytown).
Anuas ar an méid sin, tá dornán bailte fearainn ann a bhfuil Mayfield mar ainm oifigiúil Béarla orthu, beag beann ar an mbunainm Gaeilge. Cuir i gcás Baile na gCailleach “the town(land) of the nuns” (logainm.ie #25175) i gContae Chill Dara, ar a dtugtar Mayfield or Ballynagalliagh go hoifigiúil; Gort Ardach “field of Ardach” (logainm.ie #49141) i gContae Phort Láirge (logainm ann féin ab ea Ardach de réir dealraimh) a béarlaíodh mar Mayfield or Rocketscastle; Lios Mhic Fheorais “the ring-fort of Mac Fheorais” (tuilleadh faoi seo thíos) (logainm.ie #36128) i gContae Mhaigh Eo, a tugadh Mayfield air; agus Baile na mBocht “the town(land) of the poor” (logainm.ie #129588), an ceantar ar an taobh thoir thuaidh de Chathair Chorcaí a bhfuil aithne forleathan air faoin ainm Béarla Mayfield.
Ní aistriúchán nó fiú bréagaistriúchán ar an mbunlogainm Gaeilge iad na hainmneacha Béarla seo, murab ionann agus Maytown i gContae Chorcaí. Is amhlaidh a thagann na samplaí seo de Mayfield ó ainmneacha tithe móra de chuid an 18ú nó 19ú haois (Mayfield (House), Mayfield Cottage). Tagraíonn an logainm Baile na gCailleach “the town(land) of the nuns” (logainm.ie #25175) i gContae Chill Dara don bhaile fearainn a bheith i seilbh an ‘Nunnery of Kildare’ (Irish Monastic Possessions, 1540-1541, lch. 146) tráth. Ar aon dul leis sin, talamh eaglasta a bhí i gceist le Baile na mBocht i gCorcaigh, agus é mar chuid de thailte San Stiofán, b’fhéidir (féach Calendar of Patent Rolls, lch. 244b). Dála an scéil, is cosúil go ndéanann ainmneacha ar nós Baile na mBocht “the town(land) of the poor” agus Baile Bocht “town(land) of (the) poor” tagairt do thalamh eaglasta a bhí curtha i leataobh do dhaoine bochta (féach Logainmneacha na hÉireann IV Ainmneacha na mBailte Fearainn, Co. Loch Garman, s.n. Baile Bocht / Ballybought, lch. 232). Maidir le Gort Ardach (logainm.ie #49141) i gContae Phort Láirge, áfach, is cosúil nach bhfuil aon bhaint aige le haon láthair eaglasta. Tugann an t-ainm sin le fios go raibh ceantar níos mó darb ainm Ardach ann tráth, agus go raibh an Gort seo mar chuid de sin. (Tagraíonn an t-alias Rocketscastle don ghné ar tugadh ‘Rockwells Castle’ air in Civil Survey: Waterford, 1654. Ba é ‘Richard Strang … Esq. Irish Papist’ (lch. 106) a bhí ag cur faoi ann ag an am.)
Tugadh Mayfield freisin ar Lios Mhic Fheorais (logainm.ie #36128) i gContae Mhaigh Eo. Níl baint dá laghad ag an dá logainm sin lena chéile, gan amhras (féach F. Mac Gabhann, Logainmneacha Mhaigh Eo, iml. 7). Ainm athartha is ea Mac Fheorais ó cheart, ach ar ndóigh ghlac muintir (de) Bermingham, de shliocht na Sean-Ghall, chucu féin mar shloinne Gaeilge é (E. MacLysaght More Irish Families, lch. 33). Foirm eile é Feoras de Piaras, an leagan gaelaithe de Piers na nAngla-Normannach. Thugtaí Clann Fheorais ar an teaghlach a bhí bunaithe timpeall ar an áit darb ainm Carraig Fheorais / Carrick (logainm.ie #25517) “the rock of Feoras (ag seasamh do Chlann Fheorais)” i gContae Chill Dara, agus bhí baint acu freisin le Coill an Ruiséalaigh / Russellswood (logainm.ie #25523) sa chontae céanna, chomh maith le Buaile na Bréachmhaí / Ballinabrackey (logainm.ie #133201), Caisleán Shiurdáin / Castlejordan (logainm.ie #38936) agus Maigh Dearbhaí / Longwood (logainm.ie #38954) i gContae na Mí (féach Analecta Hibernica 18 ‘The O Clery Book of Genealogies’). Chuir Clann Fheorais fúthu san iarthar chomh maith céanna: go deimhin, bhí siad chomh líonmhar sin i gCúige Chonnacht go dtugtaí Bermingham’s Country ar chuid de Chontae na Gaillimhe i gcáipéisí gallda. Ní haon iontas, mar sin, go ndúirt muintir na háite le taighdeoirí na Suirbhéireachta Ordanáis i 1838 gur mheasadar gur shloinne a bhí sa logainm seo Lios Mhic Fheorais / Mayfield i gContae Mhaigh Eo.
Maidir leis na samplaí eile de Mayfield thuas atá bunaithe ar ainmneacha tithe móra, níl sé soiléir cén chúis gur bronnadh na hainmneacha sin ar na tithe an chéad lá. B’fhéidir gur spreagadh daoine chun iad a chumadh toisc go gcuirfeadh an focal sin May duine ag smaoineamh ar thús an tsamhraidh. Agus is minic Mayfield in úsáid i saol an Bhéarla anuas go dtí ár linn féin, agus é á bhaisteadh ar shráideanna agus eastáit tithíochta i gContaetha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Chill Chainnigh, Luimnigh, Lú, Phort Láirge, na hIarmhí agus Loch Garman (féach sráidainm.ie) chomh maith le Contaetha Aontroma agus an Dúin (féach placenamesni.org).
Mar fhocal scoir, féach go bhfuil roinnt logainmneacha thall i Sasana ina dtagraíonn an eilimint may- do Brl. mayweed, luibh beag galánta a bhfuil bláthanna cosúil le nóinín air, a dtugtar ‘lus anainn’ nó ‘lus Bhealtaine’ air sa Ghaeilge (téarma.ie). Tagann Mayfield in East Sussex ó ‘Magavelda … “Open land where mayweed grows”. O[ld] E[nglish] mægthe + feld’ (Oxford Dictionary of English Place-names). (Féach freisin gur cosúil go dtagann Mayfield in Staffordshire ó ‘Medevelde … Matherfeld … “Open land where madder grows”. O[ld] E[nglish] mæddre [“madder”] + feld’.) Ach ní raibh mayweed coitianta riamh mar théarma i mBéarla na hÉireann, agus ní gá dúinn é a chur san áireamh in aon cheann de na logainmneacha atá luaite againn thuas.
Chun a thuilleadh eolais a fháil ar Bealtaine i logainmneacha na hÉireann agus na hAlban, féach: Kay Muhr, ‘Bealtaine in Irish and Scottish Place-names’, The Journal of Scottish Name Studies 10. https://clog.glasgow.ac.uk/ojs/index.php/JSNS/article/view/134/162
(Conchubhar Ó Crualaoich & Justin Ó Gliasáin)
Séasúr na laonna
Coill Dá Lao/Culdaly “wood of (the) two calves”
(féach logainm.ie #45533)
Dáta: 20/04/2026
Agus séasúr na laonna faoi lánseol faoin tuath, díol spéise féachaint ar an mórchuid ainmneacha bailte fearainn úd ina bhfuil gamhain nó lao le fáil. Is ann don iliomad logainmneacha a thagraíonn do bha i gcoitinne — flúirse a léiríonn an áit lárnach a bhí ag an mbó i saol na nGael, ar ndóigh — agus cé nach bhfuil na laonna luaite go sonrach ach i gcéatadán beag díobh seo, tá na tagairtí fós chomh hiomadúil sin nach bhféadfaí liosta iomlán a sholáthar anseo. Orthusan tá Buaile na Lao/Ballinalea “the boley, cattle-fold of the calves” (#55476) i gContae Chill Mhantáin; Móin na Lao/Móin na Lao “the bog(land) of the calves” (#53313) i gContae Loch Garman; Corr na Lao/Cornalee “the round hill of the calves” (#42521) i gContae Ros Comáin; Gort na Lao/Gortnalee i gContaetha Laoise (#28695) agus Fhear Manach (#60537); Lios na Lao “the ringfort of the calves”, a béarlaíodh mar Lisnalea i gContaetha an Chabháin agus Chill Chainnigh agus mar Lisnalee i gContae Mhuineacháin (féach logainm.ie); Cluain Lao “pasture of (the) calves”, a béarlaíodh mar Clonlea i gContae an Chláir, Clonleigh i gContae Dhún na nGall, Cloonlee i gContaetha na Gaillimhe, Ros Comáin agus Mhaigh Eo, Clonlee i gContae Uíbh Fhailí agus Clonalea i gContae Thiobraid Árann (féach logainm.ie); agus Droim an Lao/Drumalee “the ridge of the calf” (#4602) i gContae an Chabháin. Féach freisin go dtugtar le tuiscint sa logainm Coill an Lao/Killaloo “the wood of the calf” (#58830) i gContae Dhoire nach i gcónaí a thagadh feirmeoireacht na mba salach ar chothú na gcoillte, murab ionann is go leor nósanna dianfheirmeoireachta beostoic sa lá atá inniu ann. (Ar phointe teanga, tabharfar faoi deara an fhoirm den ghinideach iolra atá le fáil sna logainmneacha seo go léir, mar atá gin. iol. na lao in ionad tréaniolra an lae inniu .i. gin. iol. na laonna (féach eDIL s.v. lóeg); ní heol dúinn aon ainm baile fearainn (gan nua-aistriúcháin ar nós Deerpark → Páirc na bhFianna a chur san áireamh) ina bhfuil ginideach tréaniolra in -(e)anna le fáil.) Ba dhóigh leat ar an gcéad fhéachaint ar Culdaly, logainm béarlaithe i gContae Shligigh, go gcuireann sé an sloinne Ó Dálaigh iúl, ach ní mar a shíltear a bhítear. Is amhlaidh a thiteann béim an ghuta ar an siolla deiridh den logainm, agus is éard atá ann ná béarlú ar Coill Dá Lao “wood of (the) two calves” (#45533). Logainm Gaeilge eile, más ea, a thagraíonn do bheithígh a bheith ar féarach in áit choillteach. Díol suntais go dtagann taifead fuaime anuas chugainn ón mbliain 1930 ina ndeireann cainteoir dúchais ó cheantar Choill Dá Lao amhrán a liostaíonn buanna an bhaile fearainn seo. (Tá an taifead ar fáil ar Thionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen faoin teideal ‘Coill Dá Laogh’.) Is é is mó is spéis dúinne, i gcomhthéacs an nóta seo idir chamáin, an líne molta ‘Tá caoirigh bhána ann is díol eallaigh…!
Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill
Coillte clúdaithe le creamh
Creamhchoill / Crewhill “(wild-)garlic wood”
(féach logainm.ie #25421)
Dáta: 13/04/2026
Tá an chuid is mó den ghairleog a úsáidimid sa chócaireacht laethúil inniu iomportáilte ón gCianoirthear. Ach tá ár gcuid dúchasach féin ar fáil ar fud na hÉireann agus é ag fás go tiubh timpeall an ama seo den bhliain, is é sin, an creamh “wild garlic”. (Tá gaol teangeolaíochta ag an bhfocal Gaeilge seo le Brl. ramsons, ainm eile ar an bplanda céanna.) Nach mór thar oíche a phreabann an planda seo aníos, go gclúdaíonn sé an talamh sna háiteanna taise dorcha is mó a thaitníonn leis – cuir i gcás na coillte beaga cois Life i Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath – lena dhuilleoga fada glasa agus an boladh cumhra suntasach uathu. Is furasta bunús an fhocail creamhchoill “wild-garlic wood” a thuiscint ach a leithéid d’fhás a fheiscint agus a bholathaíl den chéad uair gach bliain.
Bhí meas mór ag na sean-Ghaeil ar an gcreamh céanna. Sa leabhar ríthábhachtach leis Early Irish Farming (EIF) caitheann Fergus Kelly solas ar a lán sonraí a bhaineann leis an tseanréim bhia in Éirinn, bunaithe den chuid is mó ar anailís ar théacsanna luatha dlí. (Tugann sé spléachadh freisin ar go leor gnéithe eile de sheanchultúr na hÉireann, leis, nár tháinig slán ó bhearna bhaoil an 17ú haois!) Luann téacs dlí amháin, go neamhbhalbh, an urraim a bhí ag na sean-Ghaeil ar an gcreamh. Bhí luach chomh hard sin ag roinnt leis go raibh d’iachall ar chéile (“client”) creimhfheis de chreamh, cháis agus bhainne (SG crimḟeis “garlic-feast”) – a chur ar fáil dá fhlaith gach bliain, díreach roimh an gCáisc. Ghearrtaí fíneáil ar éinne nach ndéanadh amhlaidh (EIF lgh.308-309). (Féach freisin go dtaispeánann na seantéacsanna seo go raibh im gairleoige ar an mbiachlár ag na sean-Ghaeil freisin (ibid., lch.326), níos mó ná míle bliain sular tháinig nóisean an aráin ghairleoige isteach ón Iodáil arís.)
Pé ar domhan de, faoi mar a mbeifí ag súil leis – i bhfianaise a thábhachtacht is a bhí sé sa tsochaí Gaelach – tagann creamh i gceist i roinnt mhaith ainmneacha bailte fearainn ar fud na tíre. Is é an tagairt is dírí dó, is dócha, an logainm An Chreamhach / Knavagh (logainm.ie #21264) i gContae na Gaillimhe, a chiallaíonn “the place abounding in wild garlic”. Ach is minicí go mór a fhaighimid an comhfhocal Creamhchoill “wild-garlic wood” i logainmneacha. Níl aon teora leis na claochluithe a thagann ar an logainm simplí seo de dheasca an phróisis bhéarlaithe: féach Crophill (logainm.ie #25013) agus Crewhill (logainm.ie #25421) i gContae Chill Dara; Crawhill (logainm.ie #44483) i gContae Shligigh; Craffield (logainm.ie #55217) i gContae Chill Mhantáin; Cranfield (logainm.ie #63045) agus Crankill (logainm.ie #62934) i gContae Aontroma; agus Cranfield i gContaetha an Dúin (logainm.ie #67021) agus Thír Eoghain (logainm.ie #64206). Gan amhras, níl aon bhaint ag Brl. field ná hill leis an logainm seo ó cheart.
Tháinig claochlú ar an logainm céanna sa Ghaeilge féin i gcás ainm an bhaile fearainn Greamhchoill (logainm.ie #35416) i nGaeltacht Chontae Mhaigh Eo, ag eascairt as an bhfrása réamhfhoclach i gCreamhchoill. (Go déanach sa 20ú haois míníodh Greamhchoill go háitiúil mar a bheadh *Greanphoill .i. comhshuíomh de grean “grit, gravel” + poill “holes”!) Agus tagann an comhfhocal creamhchoill i gceist in éineacht le haicmitheoirí (generic elements) eile: faighimid Cluain Creamhchoille / Clooncraffield “pasture of (the) wild-garlic wood” (logainm.ie #43547) i gContae Ros Comáin agus Doire Chreamhchoille / Deramfield “(oak-) wood, grove of (the) wild-garlic wood” (logainm.ie #5238) i gContae an Chabháin.
Is dlúth-chomhshuíomh é creamhchoill, ar ndóigh, ach faightear tagairtí do choillte lán de chreamh i gcomhshuímh oscailte freisin, mar shampla Coill an Chreamha / Killycramph “the wood of the wild garlic” (logainm.ie #4729) i gContae an Chabháin agus Doire Chreamha / Derrycraff “(oak-)wood, grove of wild garlic” (logainm.ie #37526) i gContae Mhaigh Eo. Coill an Chreamha nó Coillidh Chreamha is bunús leis an dá bhaile fearainn den ainm béarlaithe Killycramph i gContae Fhear Manach, is cosúil (logainm.ie #59847; #60938; placenamesni.org). (Is réasúnta a mheas nach bhfuil na comhshuímh oscailte seo chomh sean céanna leis an gcomshuíomh creamhchoill.)
Níl creamh teoranta le coillte ná doirí, áfach, cé gurb é an comhlogú sin is coitianta. Tagann Cluain Creamha “(wet) pasture, meadow of (the) wild garlic” i gceist go minic i ndornán maith ainmneacha bailte fearainn: béarlaíodh é mar Cloncrew (logainm.ie #31745) i gContae Luimnigh; mar Clooncraff (logainm.ie #43986) i gContae Ros Comáin; agus mar Coolcraff [sic] (logainm.ie #33013) i gContae an Longfoirt. Mar a tharla sé, rinneadh athbhaisteadh ar thrí shampla den logainm Cluain Creamha le linn tréimhse na dtithe móra sa 18ú haois dhéanach: rinneadh [Cloncraff or] Bloomhill (logainm.ie #41358) de i gContae Uíbh Fhailí; Mountdavis (logainm.ie #103036) i gContae an Longfoirt; agus Mountdillon (logainm.ie #44249) i gContae Ros Comáin. Bí ag caint ar éirí in airde agus mount á dhéanamh de cluain!
Faighimid tagairtí don chreamh ar thalamh íseal i leithéid Eanach Creamha “marsh of (the) wild garlic”, béarlaithe mar Annacroff (logainm.ie #39266) agus mar Annacramph (logainm.ie #41059) i gContae Mhuineacháin; Gleann Creamha “valley, glen of (the) wild garlic”, a béarlaíodh mar Glengraff (logainm.ie #18148) i gContae na Gaillimhe agus mar Glencrue (logainm.ie #46351) i gContae Thiobraid Árann; Tamhnach an Chreamha / Tawnaghaknaff “the green field of the wild garlic” (logainm.ie #36790) i gContae Mhaigh Eo; agus Currach an Chreamha / Curraghacnav “the wet land of the garlic” (logainm.ie #49862) i gContae Phort Láirge. (Pléifear an meascán -cr- le -cn-/-kn- atá le feiscint i roinnt de na foirmeacha béarlaithe seo an tseachtain seo chugainn.)
Ach bíonn tagairtí le fáil don chreamh ar ardáin, leis, amhail Droim gCreamha / Drumgramph “ridge of (the) wild garlic” (logainm.ie #40102; #40113) i gContae Mhuineacháin agus Leitir Creamha / Lettecraff “hillside of (the) wild garlic” (logainm.ie #20876) – taobh le Leitir Creamha Rua “(the) red Leitir Creamha” (logainm.ie #20877) – i gContae na Gaillimhe. Béarlaíodh Corr an Chreamha “the round hill of the wild garlic” mar Corcraff (logainm.ie #4910) i gContae an Chabháin agus mar Corracramph faoi dhó, i gContaetha Dhún na nGall (logainm.ie #14240) agus Liatroma (logainm.ie #30129). Ceist cháiréiseach is ea ceartbhrí an fhocail ros i logainmneacha – d’fhéadfadh réimse bríonna ó “headland”, “(wooded) height” go “wood” a bheith i gceist – ach féach go bhfuil Creamhros / Croaghros (logainm.ie #15878) suite ar thalamh ard cois Loch Súilí i gContae Dhún na nGall agus go bhfuil Ros an Chreamha (logainm.ie #10627) suite ar thalamh ard gar do Cheann Toirc i gContae Chorcaí. (Bettyville an leagan Béarla den logainm deiridh.)
Tá sampla againn d’oileán ainmnithe as an gcreamh, fiú amháin. Má tá éinne agaibh i gceantar Chathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, b’fhéidir go mbeadh fonn ort bualadh amach go dtí Creimhinis / Crovinish “wild-garlic island” (logainm.ie #37260) i gCuan Mó féachaint an bhfuil an t-ainm tuillte go maith aige!
Mar a dúramar, is comhartha iad na tagairtí flúirseacha seo don chreamh in ainmneacha bailte fearainn ar an tábhacht a bhí leis an bplanda seo in Éirinn na sean-Ghael, díreach faoi mar a thugann na téacsanna dlí le fios. Más ea, agus sinn ag meilt béile breá gairleogach amach anseo, ní gá dúinn a bheith ag aislingeacht ar an Lombaird, an Tuscáin ná an Veinéis i gcónaí ach ar ár sinsear Gaelach féin a bhí gach aon phioc chomh ceanúil céanna ar an mblas seo freisin, agus iad fiáin ar an gcreamh.
Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill
- Coill an Chreamha/Killycramph
- Corr an Chreamha/Corcraff
- Doire Chreamhchoille/Deramfield
- Ros an Chreamha/Bettyville
- Corr an Chreamha/Corracramph
- Creamhros/Croaghross
- Gleann Creamha/Glencraff
- Leitir Creamha/Lettercraff
- Leitir Creamha Rua/Lettercraffroe
- An Chreamhach/Knavagh
- Creamhchoill/Crophill
- Creamhchoill/Crewhill
- Corr an Chreamha Theas/Corracramph South
- Cluain Creamha/Cloncrew
- Cluain Creamha/Coolcraff
- Greamhchoill/Graghil
- Tamhnach an Chreamha/Tawnaghaknaff
- Creimhinis/Crovinish
- Doire Chreamha/Derrycraff
- Eanach Creamha/Annacroff
- Droim gCreamha/Drumgramph
- Droim gCreamha/Drumgramph
- Eanach Creamha/Annacramph
- Cluain Creamha/Cloncraff or Bloomhill
- Cluain Creamhchoille/Clooncraffield
- Cluain Creamha/Clooncraff
- Cluain Creamha/Mountdillon
- Creamhchoill/Crawhill
- Currach an Chreamha/Curraghacnav
- Creamhchoill/Craffield
- /Killycramph
- /Killycramph
- Creamhchoill/Crankill
- Creamhchoill/Cranfield
- /Cranfield
- Creamhchoill/Cranfield
- Cluain Creamha/Mountdavis
An Cháisc
Cnoc na Cásca/Knocknacaska “the hill of Easter”
(féach logainm.ie #24263)
Dáta: 03/04/2026
Níl ach an t-aon sampla deimhnitheach amháin den Nollaig mar eilimint in ainmneacha bailte fearainn, mar atá Buaile na Nollag/Boleynanollag “the boley, cattle-fold of Christmas” (#21027) i gContae na Gaillimhe. Tá tagairtí d’fhéile na Cásca, ámh, i bhfad níos coitianta. Ar aon dul le Buaile na Nollag/Boleynanollag tá samplaí den logainm Buaile na Cásca “the boley, cattle-fold of Easter” agus é béarlaithe mar Boolanacausk (#7433) i gContae an Chláir agus leathaistrithe mar Easterfield (#20989) i gContae na Gaillimhe. Is é is dóichí ná gur thagair a leithéid seo de logainm d’áit a mbeadh an talamh ullamh do na ba a chur ar féarach ann (.i. ar buailteachas) timpeall na Cásca gach bliain. Díol spéise, áfach, gur talamh ard atá faoi thagairt i bhformhór na n-ainmneacha bailte fearainn eile ina bhfuil an Cháisc le fáil mar eilimint, m.sh. Cnoc na Cásca/Knocknacaska “the hill of Easter” (#24263) i gContae Chiarraí; Cornacask/Corr na Cásca “the round hill of Easter” (#20472) i gContae na Gaillimhe, a bhfuil idir bhéarlú agus leathaistriúchán ina ainm oifigiúil Béarla fada Easterfield or Cornacask; Droim Cásca/Drumcask “the ridge of Easter” (#4026) i gContae an Chabháin; agus Mullach na Cásca/Mullanacask “the summit of Easter” (#40582) i gContae Mhuineacháin. Is dócha go dtagraíonn na logainmneacha seo don nós a bhí ag na Gaeil tionól a ghairm ar bharr cnoic. Go deimhin, sin é an bhrí a thugtar le fios sa mhíniú seo a leanas a scríobh Seán Ó Donnabháin in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis faoin logainm Cnoc na Cásca, Contae Chiarraí, thuasluaite: ‘hill of Easter (meetings here)’. Faoin logainm Mullach na Cásca i gContae Mhuineacháin, freisin, scríobh an Donnabhánach ‘some ceremonies here Easter Sunday’. Níl sé chomh soiléir céanna, ámh, cén bhrí atá le fáscadh as an logainm Coill na Cásca/Kilnacask “the wood of Easter” (#48861) i gContae Thiobraid Árann.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
Ceathrú Uí Choinín / Carrowconeen
“the quarter of Ó Coinín” (logainm.ie #20889)
Dáta: 02/04/2026
Is é 5 Aibreán dáta fhéile na Cásca i mbliana d’fhormhór na gCríostaithe (nó 12 Aibreán do na heaglaisí Ceartchreidmheacha). Cé nárbh aon traidisiún de chuid na nGael é ‘Coinín na Cásca’ fadó, ní miste tairbhe a bhaint as chun ábhar an nóta seo a chur i láthair, mar atá, an coinín i logainmneacha na hÉireann. Sula dtugaimid faoi sin, áfach, cuirimis críoch leis an bplé a bhí againn an mhí seo caite maidir le hainmhí eile a bhfuil dlúthghaol aige don choinín, is é sin, an giorria. Níor luamar cheana gur cosúil go ndéantaí seilg ar na hainmhithe lúfar gasta seo anallód. Sa seanscéal Táin Bó Fraoich eachtraítear faoi sheilg na míolchon ar sheacht ngiorria (Sean-Ghaeilge míl maige), sheacht bhfia (ag), sheacht sionnach agus sheacht dtorc allta: Dosennat [na mílchoin] na secht n-aige do Ráith Chrúachan, ⁊ secht sinnchu ⁊ secht míla maige ⁊ secht turcu alta, TBF eag. Meid, línte 53–55 (cf. Fergus Kelly, Early Irish Farming, lch. 282). Sa nualitríocht, is éard is bunphlota don sárleabhar Fonn a Níos Fiach, le Pádraig Ua Maoileoin, feirmeoir a bhfuil a shaol iomlán gafa le seilg ar ghiorria a mbaisteann sé An Cailín Rua uirthi. In ainneoin na dtagairtí liteartha seo, áfach, ní raibh mórán tóir ar fheoil an ghiorria in Éirinn dáiríre. Go deimhin, is mó scéal béaloidis a chuireann cumhachtaí speisialta i leith an ghiorria (cf. Bailiúchán na Scol: Giorria), rud a thugann le fios go raibh baint ag an ainmhí seo leis an saol osnádúrtha dar leis na Gaeil.
Ní mar sin do na coiníní, nach raibh leisce ar Ghael ar bith iad a ithe ó thug na hAngla-Normannaigh thar tír isteach iad! (Baineadh siar as duine d’údair an nóta seo agus é ina chónaí sa Ghearmáin sna 1990í, nuair a cuireadh pláta Hase ‘giorria’ os a chomhair. Ba ghairid gur míníodh dó go seasann Hase do choinín chomh maith le giorria ina lán canúintí de chuid dheisceart na Gearmáine. Is é Kaninchen an focal caighdeánach ar choinín; ach féach go dtugann na Gearmánaigh Osterhase ‘giorria na Cásca’ ar Choinín na Cásca.) Cuid lárnach den ghéilleagar Angla-Normannach ab ea coiníní a choimeád chun bia, ar ndóigh, agus tá logainmneacha na tíre breac leis na hainmhithe céanna dá réir. Iasacht ó coning an Mheán-Bhéarla a thug an focal coinín féin dúinn, focal atá an-chomónta i logainmneacha Gaeilge. Cuirimis i gcás:
- Baile na gCoinín / Ballinagoneen “the town(land) of the rabbits” (logainm.ie #55584) i gContae Chill Mhantáin;
- Clais na gCoinín / Clashnagoneen “the trench of the rabbits” (logainm.ie #50266) i gContae Phort Láirge;
- Lios na gCoiníní / Lisnagoneeny “the ring-fort of the rabbits” (logainm.ie #23917) i gContae Chiarraí;
- Coill na gCoiníní / Kylenagoneeny “the wood of the rabbits” (logainm.ie #32443) agus Leaca na gCoiníní / Lackanagoneeny “the slope of the rabbits” (logainm.ie #32344) i gContae Luimnigh;
- Ráth na gCoinín / Rathnaconeen “the ring-fort of the rabbits” (logainm.ie #34189) i gContae Mhaigh Eo;
- Cnoc na gCoiníní / Knocknagoney “the hill of the rabbits” (logainm.ie #66067; cf. placenamesni.org s.n. Knocknagoney) i gContae an Dúin.
Má tá coinín coitianta, is minicí fós a fhaightear an focal coinicéar (nó coinigéar) “rabbit warren” i logainmneacha Gaeilge. Seo iasacht eile ón Meán-Bhéarla .i. ó conigēr(e). Cé go bhfuil sampla anseo is ansiúd den leagan Gaeilge den fhocal a bheith calctha san ainm oifigiúil Béarla, m.sh. Coneykeare, is comónta go mór foirm éigin Bhéarla a úsáid, beag beann ar logainm Gaeilge: cuir i gcás Cunaberry, Conaberry, Coneyburrow agus Warren. (Arís, tá an iomarca samplaí le lua anseo. Féach logainm.ie s.v. coinicéar, srl.) Is beag gnáth-Bhéarlóir inniu a thuigfeadh bunbhrí ainmneacha bailte fearainn amhail Coneyburrow (logainm.ie #16261), Coney Island (logainm.ie #15133), is dócha, dá choitiantacht iad. Tháinig an focal Brl. rabbit chun solais de réir a chéile ón 16ú haois, sa tslí is go raibh Brl. coney tite as úsáid ar fad, nach mór, faoin 19ú haois. Dá bhrí sin, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur féidir logainmneacha ar nós Coneyburrow a rianú siar go dtí tréimhse lonnaíochta níos luaithe ná an tréimhse a thug na logainmneacha Béarla eile úd ina bhfuil Brl. rabbit le fáil, m.sh. Rabbit Island (logainm.ie #20889) i gContae na Gaillimhe agus Rabbitburrow (logainm.ie #42028) i gContae Uíbh Fhailí. Sampla maith is ea Ballyteige Burrow (logainm.ie #54069) i gContae Loch Garman, a bhfaighimid tagairtí tuairisciúla dó mar ‘cunniger’, ‘cunniborrough’, ‘conygree’ agus ‘conyberrew’ i bhfoinsí de chuid an 17ú haois, ach a dtugtar ‘Rabbit Burrow of Ballyteigue’ air faoi 1794. De réir gach cosúlachta, bhí an t-athrú ó coney go rabbit curtha i gcrích faoin 18ú haois fiú amháin i ndeisceart Chontae Loch Garman, áit a raibh an chanúint Bhéarla thar a bheith caomhnaitheach (féach T.P. Dolan & Diarmaid Ó Muirithe, The Dialect of Forth and Bargy, Co. Wexford, Ireland).
Tugann sloinnte spléachadh eile ar fhorlámhas an fhocail rabbit i mBéarla na hÉireann. Cuir i gcás an sloinne dúchasach Ó Coinín. I dtosach, dheintí é seo a bhéarlú go foghrúil mar Conyeen, Cuneen, Cunneen, Cunnien, agus mar sin de. Ach nuair a thosnaigh an tAthrú Teanga sa phobal, is minic a roghnaíodh Gaeilgeoirí an leagan ‘aistrithe’ Rabbit/Rabbitte mar shloinne Béarla (féach de Bhulbh, Sloinnte Gaedheal is Gall s.n. Ó Coinín). Cuir i gcás an léarscáil a rinne William Bald de Chontae Mhaigh Eo (c. 1817), mar a bhfaighimid ‘Rabbithill’ ag freagairt do Ceathrú Uí Choinín / Carrowconeen “the quarter of Ó Coinín”. Ar ámharaí an tsaoil, murab ionann is a lán bréagaistriúchán dá leithéid i gContaetha Mhaigh Eo agus Ros Comáin le linn an 19ú haois, níor ghreamaigh an leagan áirithe seo i gcaint na ndaoine agus níor greanadh é ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis.
Críochnóimid le saobhaistriúchán eile atá níos aistí fós. Ní coiníní atá i gceist an babhta seo ach ár seanchara an giorria. Bhí an t-ainm pearsanta Fearaíoch (Fearadhach) coitianta go maith tráth dá raibh; tá sé préamhaithe ar an bhfocal fear, go gciallaíonn sé ‘fearúil’ (SG feradach < fer). Is as sin a fhaightear an sloinne Mag Fhearaígh (Mag Fhearadhaigh) air, sloinne atá coitianta sa Bhéarla inniu mar McGarry, McGerry, srl. Ach de bharr a chosúlachta is a bhí [Ma]g Fhearaígh agus an t-ainmfhocal giorria sa chaint, cad a thug roinnt teaghlach de Chlann Fhearaígh orthu féin as Béarla ach (O’) Hare! (Cf. de Bhulbh s.n. Mag Fhearadhaigh. Níl aon bhaint ag an leagan béarlaithe seo leis an sloinne Ó hEithir a fhaightear in Árainn; cf. ibid. s.n. Ó hAichir.)
Ar ndóigh, is mór an spórt na bréagaistriúcháin seo a phlé mar ábhar seoigh inniu, ach níor chóir a ligint i ndearmad gur iarsmaí iad den Athrú Teanga tubaisteach a thug buille maraithe na muice don sochaí Gaelach.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Oileán na gCoiníní/Coney Island
- An Coinicéar/Coneyburrow
- Oileán na gCoiníní/Rabbit Island
- Lios na gCoiníní/Lisnagoneeny
- Leaca na gCoiníní/Lackanagoneeny
- Coill na gCoiníní/Kylenagoneeny
- Ráth na gCoinín/Rathnaconeen
- An Coinicéar/Rabbitburrow
- Clais na gCoinín/Clashnagoneen
- Coinicéar Bhaile Thaidhg/Ballyteige Burrow
- Baile na gCoinín/Ballinagoneen
- Cnoc na gCoiníní/Knocknagoney
Tír Amadán / Tiromedan
“land of (the) fools”
(féach logainm.ie #41133)
Dáta: 30/03/2026
Ní fios go cinnte cad as a dtáinig an traidisiún ceap magaidh a dhéanamh de dhaoine ar an gcéad lá de mhí Aibreáin. Ar aon chuma, dhealródh sé nach raibh aon easpa amaideachta in Éirinn fadó ach oiread le haon áit eile — rud a d’fhág go bhfaightear tagairtí don amadán, ceann de na téarmaí Gaeilge ar dhuine gan chéill (féach eDIL s.v. ammatán), fiú amháin in ainmneacha bailte fearainn. Féach Ard Amadán/Ardamadane “height of (the) fools” (#9258) i gContae Chorcaí, Lios Amadáin/Lisomadaun “ring-fort of (the) fool” (#30066) i gContae Liatroma, agus Tír Amadán/Tiromedan “land of (the) fools” (#41133) i gContae Mhuineacháin. Faightear an focal céanna i mionlogainmneacha freisin (.i. ainmneacha a thagraíonn do ghnéithe nach aonaid riaracháin iad), m.sh. Eas an Amadáin/Asnanomedan “the waterfall of the fool” (#1395279) agus Sruthán Allt an Amadáin/Altanamadan Stream “the stream of the cliff of the fool” (#1395230) i gContae Dhún na nGall. Díol spéise conas mar a aistríodh mionainmneacha áirithe go Béarla, m.sh.Loch an Amadáin “the lake of the fool” (#1397495) i gContae na Gaillimhe, a ndearna Beggarman’s Lough de, agus Steipeanna an Amadáin Mhóir “the steps of the big fool” (#1394447) i gContae Chiarraí, a béarlaíodh mar Giants Steps — ainm a thaitneoidh le lucht an tsnagcheoil. Ní móide go roghnófar aon cheann acu seo mar ainm ar fhorbairt tithíochta áitiúil inniu ná amárach. ‘Fear amaideach’ an ghnáthbhrí leis an bhfocal amadán, ar ndóigh, ach ar mhaithe le cothrom na Féinne ba cheart a lua nach leis na fir amháin a bhain tréith na hamaideachta in Éirinn anallód. Is ann d’fhocal eile sa Ghaeilge a chuireann baois nó leibideacht in iúl ach is gnách a chur i leith na mban amháin, mar atá óinseach (féach eDIL s.v. óinsech). Ní thagann an focal seo i gceist mar eilimint in ainm baile fearainn ar bith, ach ní hionann sin is a rá go raibh óinseacha riamh níos teirce in Éirinn ná a macasamhla d’amadáin fhireanna. Tagann samplaí anuas chugainn sna mionlogainmneacha, m.sh. Carraig na nÓinseach/Carrignanonshagh “the rock of the foolish women” (#49787) i bPort Láirge agus Leac na nÓinseach/Lackannoanshagh “the flagstone of the foolish women” (#1398247) i gContae na Gaillimhe. Ní léir arbh é an focal céanna é, ó cheart, a tugadh mar ainm ar an abhainn An Óinseach/Owenshagh (#116521) i gContae Chiarraí, ach is cinnte gur mar sin a tuigeadh an logainm do Ghaeilgeoirí deireanacha na háite.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Ard Amadáin/Ardamadane
- Lios Amadáin/Lisomadaun
- Tír Amadán/Tiromedan
- Carraig na nÓinseach/Carrignanonshagh
- An Óinseach/Owenshagh
- Steipeanna an Amadáin Mhóir/Giants Steps
- Sruthán Allt an Amadáin/Altanamadan Stream
- Eas an Amadáin/Asnanomedan
- Loch an Amadáin/Beggarman's Lough
- Leac na nÓinseach/Lackannoanshagh