Coillte clúdaithe le creamh
Creamhchoill / Crewhill “(wild-)garlic wood”
(féach logainm.ie #25421)

Dáta: 13/04/2026

Tá an chuid is mó den ghairleog a úsáidimid sa chócaireacht laethúil inniu iomportáilte ón gCianoirthear. Ach tá ár gcuid dúchasach féin ar fáil ar fud na hÉireann agus é ag fás go tiubh timpeall an ama seo den bhliain, is é sin, an creamh “wild garlic”. (Tá gaol teangeolaíochta ag an bhfocal Gaeilge seo le Brl. ramsons, ainm eile ar an bplanda céanna.) Nach mór thar oíche a phreabann an planda seo aníos, go gclúdaíonn sé an talamh sna háiteanna taise dorcha is mó a thaitníonn leis – cuir i gcás na coillte beaga cois Life i Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath – lena dhuilleoga fada glasa agus an boladh cumhra suntasach uathu. Is furasta bunús an fhocail creamhchoill “wild-garlic wood” a thuiscint ach a leithéid d’fhás a fheiscint agus a bholathaíl den chéad uair gach bliain.

Bhí meas mór ag na sean-Ghaeil ar an gcreamh céanna. Sa leabhar ríthábhachtach leis Early Irish Farming (EIF) caitheann Fergus Kelly solas ar a lán sonraí a bhaineann leis an tseanréim bhia in Éirinn, bunaithe den chuid is mó ar anailís ar théacsanna luatha dlí. (Tugann sé spléachadh freisin ar go leor gnéithe eile de sheanchultúr na hÉireann, leis, nár tháinig slán ó bhearna bhaoil an 17ú haois!) Luann téacs dlí amháin, go neamhbhalbh, an urraim a bhí ag na sean-Ghaeil ar an gcreamh. Bhí luach chomh hard sin ag roinnt leis go raibh d’iachall ar chéile (“client”) creimhfheis de chreamh, cháis agus bhainne (SG crimḟeis “garlic-feast”) – a chur ar fáil dá fhlaith gach bliain, díreach roimh an gCáisc. Ghearrtaí fíneáil ar éinne nach ndéanadh amhlaidh (EIF lgh.308-309). (Féach freisin go dtaispeánann na seantéacsanna seo go raibh im gairleoige ar an mbiachlár ag na sean-Ghaeil freisin (ibid., lch.326), níos mó ná míle bliain sular tháinig nóisean an aráin ghairleoige isteach ón Iodáil arís.)

Pé ar domhan de, faoi mar a mbeifí ag súil leis – i bhfianaise a thábhachtacht is a bhí sé sa tsochaí Gaelach – tagann creamh i gceist i roinnt mhaith ainmneacha bailte fearainn ar fud na tíre. Is é an tagairt is dírí dó, is dócha, an logainm An Chreamhach / Knavagh (logainm.ie #21264) i gContae na Gaillimhe, a chiallaíonn “the place abounding in wild garlic”. Ach is minicí go mór a fhaighimid an comhfhocal Creamhchoill “wild-garlic wood” i logainmneacha. Níl aon teora leis na claochluithe a thagann ar an logainm simplí seo de dheasca an phróisis bhéarlaithe: féach Crophill (logainm.ie #25013) agus Crewhill (logainm.ie #25421) i gContae Chill Dara; Crawhill (logainm.ie #44483) i gContae Shligigh; Craffield (logainm.ie #55217) i gContae Chill Mhantáin; Cranfield (logainm.ie #63045) agus Crankill (logainm.ie #62934) i gContae Aontroma; agus Cranfield i gContaetha an Dúin (logainm.ie #67021) agus Thír Eoghain (logainm.ie #64206). Gan amhras, níl aon bhaint ag Brl. fieldhill leis an logainm seo ó cheart.

Tháinig claochlú ar an logainm céanna sa Ghaeilge féin i gcás ainm an bhaile fearainn Greamhchoill (logainm.ie #35416) i nGaeltacht Chontae Mhaigh Eo, ag eascairt as an bhfrása réamhfhoclach i gCreamhchoill. (Go déanach sa 20ú haois míníodh Greamhchoill go háitiúil mar a bheadh *Greanphoill .i. comhshuíomh de grean “grit, gravel” + poill “holes”!) Agus tagann an comhfhocal creamhchoill i gceist in éineacht le haicmitheoirí (generic elements) eile: faighimid Cluain Creamhchoille / Clooncraffield “pasture of (the) wild-garlic wood” (logainm.ie #43547) i gContae Ros Comáin agus Doire Chreamhchoille / Deramfield “(oak-) wood, grove of (the) wild-garlic wood” (logainm.ie #5238) i gContae an Chabháin.

Is dlúth-chomhshuíomh é creamhchoill, ar ndóigh, ach faightear tagairtí do choillte lán de chreamh i gcomhshuímh oscailte freisin, mar shampla Coill an Chreamha / Killycramph “the wood of the wild garlic” (logainm.ie #4729) i gContae an Chabháin agus Doire Chreamha / Derrycraff “(oak-)wood, grove of wild garlic” (logainm.ie #37526) i gContae Mhaigh Eo. Coill an ChreamhaCoillidh Chreamha is bunús leis an dá bhaile fearainn den ainm béarlaithe Killycramph i gContae Fhear Manach, is cosúil (logainm.ie #59847; #60938; placenamesni.org). (Is réasúnta a mheas nach bhfuil na comhshuímh oscailte seo chomh sean céanna leis an gcomshuíomh creamhchoill.)

Níl creamh teoranta le coillte ná doirí, áfach, cé gurb é an comhlogú sin is coitianta. Tagann Cluain Creamha “(wet) pasture, meadow of (the) wild garlic” i gceist go minic i ndornán maith ainmneacha bailte fearainn: béarlaíodh é mar Cloncrew (logainm.ie #31745) i gContae Luimnigh; mar Clooncraff (logainm.ie #43986) i gContae Ros Comáin; agus mar Coolcraff [sic] (logainm.ie #33013) i gContae an Longfoirt. Mar a tharla sé, rinneadh athbhaisteadh ar thrí shampla den logainm Cluain Creamha le linn tréimhse na dtithe móra sa 18ú haois dhéanach: rinneadh [Cloncraff or] Bloomhill (logainm.ie #41358) de i gContae Uíbh Fhailí; Mountdavis (logainm.ie #103036) i gContae an Longfoirt; agus Mountdillon (logainm.ie #44249) i gContae Ros Comáin. Bí ag caint ar éirí in airde agus mount á dhéanamh de cluain!

Faighimid tagairtí don chreamh ar thalamh íseal i leithéid Eanach Creamha “marsh of (the) wild garlic”, béarlaithe mar Annacroff (logainm.ie #39266) agus mar Annacramph (logainm.ie #41059) i gContae Mhuineacháin; Gleann Creamha “valley, glen of (the) wild garlic”, a béarlaíodh mar Glengraff (logainm.ie #18148) i gContae na Gaillimhe agus mar Glencrue (logainm.ie #46351) i gContae Thiobraid Árann; Tamhnach an Chreamha / Tawnaghaknaff “the green field of the wild garlic” (logainm.ie #36790) i gContae Mhaigh Eo; agus Currach an Chreamha / Curraghacnav “the wet land of the garlic” (logainm.ie #49862) i gContae Phort Láirge. (Pléifear an meascán -cr- le -cn-/-kn- atá le feiscint i roinnt de na foirmeacha béarlaithe seo an tseachtain seo chugainn.)

Ach bíonn tagairtí le fáil don chreamh ar ardáin, leis, amhail Droim gCreamha / Drumgramph “ridge of (the) wild garlic” (logainm.ie #40102; #40113) i gContae Mhuineacháin agus Leitir Creamha / Lettecraff “hillside of (the) wild garlic” (logainm.ie #20876) – taobh le Leitir Creamha Rua “(the) red Leitir Creamha” (logainm.ie #20877) – i gContae na Gaillimhe. Béarlaíodh Corr an Chreamha “the round hill of the wild garlic” mar Corcraff (logainm.ie #4910) i gContae an Chabháin agus mar Corracramph faoi dhó, i gContaetha Dhún na nGall (logainm.ie #14240) agus Liatroma (logainm.ie #30129). Ceist cháiréiseach is ea ceartbhrí an fhocail ros i logainmneacha – d’fhéadfadh réimse bríonna ó “headland”, “(wooded) height” go “wood” a bheith i gceist – ach féach go bhfuil Creamhros / Croaghros (logainm.ie #15878) suite ar thalamh ard cois Loch Súilí i gContae Dhún na nGall agus go bhfuil Ros an Chreamha (logainm.ie #10627) suite ar thalamh ard gar do Cheann Toirc i gContae Chorcaí. (Bettyville an leagan Béarla den logainm deiridh.)

Tá sampla againn d’oileán ainmnithe as an gcreamh, fiú amháin. Má tá éinne agaibh i gceantar Chathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, b’fhéidir go mbeadh fonn ort bualadh amach go dtí Creimhinis / Crovinish “wild-garlic island” (logainm.ie #37260) i gCuan Mó féachaint an bhfuil an t-ainm tuillte go maith aige!

Mar a dúramar, is comhartha iad na tagairtí flúirseacha seo don chreamh in ainmneacha bailte fearainn ar an tábhacht a bhí leis an bplanda seo in Éirinn na sean-Ghael, díreach faoi mar a thugann na téacsanna dlí le fios. Más ea, agus sinn ag meilt béile breá gairleogach amach anseo, ní gá dúinn a bheith ag aislingeacht ar an Lombaird, an Tuscáin ná an Veinéis i gcónaí ach ar ár sinsear Gaelach féin a bhí gach aon phioc chomh ceanúil céanna ar an mblas seo freisin, agus iad fiáin ar an gcreamh.

Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill