Cluain na Sióg/Clonnasheeoge
"páirc na sióg"
Féach logainm #45661

Dáta: 10/11/2025

Is dócha go bhfuil lorg Mheiriceá go tréan ar Samhain/Halloween le tamall de bhlianta anuas agus ní mórán a chloistear feasta faoi dhream amháin a bhíodh i gceist go minic le seanfhéile na Samhna in Éirinn san am a caitheadh---na sióga. De réir sheanchas na hÉireann, is mór an obair a bhíodh ar siúl ag na sióga aimsir na Samhna, ach is beag baile fearainn ina dhiaidh sin féin a luaitear go sonrach ina logainm iad. Tugtar san áireamh leis an líon sin Clonnasheeoge/Cluain na Sióg (féach logainm.ie: #52570) chomh maith le Parknashoge/Páirc na Sióg i gContae Loch Garman (féach logainm.ie: #52864). Is fiú ainm baile fearainn atá imithe as úsáid anois in aice le Ráithín Cuilinn i gContae Loch Garman a lua freisin, eadhon, Raheneshioge/Ráithín na Sióg "lios beag na sióg". Is cosúil go mbíodh cuid mhaith seanchais faoi na sióga i réimsí áirithe de Chontae Loch Garman tráth. In áiteanna eile sa tír, tá Ballynasheeoge/Baile na Sióg "baile (fearainn) na sióg" i nGaillimh (féach logainm.ie: #18636) agus na hainmneacha Béarla Fairyhill i gContae an Chláir, Fairyhall i Luimneach agus Fairy Island i Sligeach, ach níl an fhianaise ar fáil sna cásanna sin a thabharfadh le fios an ceapadóireacht as an nua i mBéarla atá i gceist leo nó aistriúchán ar bhunainmneacha Gaeilge.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)