Buaile na Nollag/Boleynanollag
"buaile na Nollag"
Féach logainm #21027
Dáta: 22/12/2025
Is cosúil gur aon sampla amháin atá ar fáil den Nollaig in úsáid in ainmneacha na mbailte fearainn in Éirinn, i.e. Buaile na Nollag/Boleynanollag, ainm ar bhaile fearainn in oirdheisceart Chontae na Gaillimhe.
Tá samplaí ar fáil d'ainmneacha ina luaitear féilte nó tráthanna éagsúla den bhliain in áiteanna ar fud na tíre, mar shampla Buaile na Cásca/Boolanacausk i gContae an Chláir (logainm #7433), Lios Bealtaine/Lisbalting "ráth na Bealtaine" i dTiobraid Árann (logainm #48350) agus Carraig Shamhna/Carrickhawna "carraig (fhéile) na Samhna" i Sligeach (logainm #44706).
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)