Lá Fhéile Stiofáin: Stiabhna, Stíbhin, is Stephens eile
Ráistín/Clonmellon (logainm.ie #1413957)
Dáta: 29/12/2025
Agus é i mbun chomhrá le comhthaistealaí ar an mbus abhaile ó Bhéal Feirste arú anuraidh, chuala duine d’údair an nóta seo an focal Béarla Boxing Day. Tá an focal sin ina shiobaileat a chuireann olc ar chuid mhaith daoine in Éirinn, ach an amhlaidh a bhí aon fhíorcheangal ag San Stiofán le cultúr na nGael, seachas díreach leis an gcultúr Caitliceach? Más aon leid iad na logainmneacha, dhealródh sé nach raibh. Níl aon trácht ar San Stiofán Máirtíreach – an té a chaomhnaítear Lá Fhéile Stiofáin – i bhféilirí na nGael, rud a thaispeánann nach raibh aon róthábhacht ag baint leis san eaglais dhúchasach. Ní luaitear é in aon logainm riaracháin Ghaeilge ach chomh beag: ainmneacha de bhunús Béarla is ea ainmneacha na bparóistí dlí Paróiste Stiabhna (Laistigh)/Saint Stephen’s Within (#2841) agus Paróiste Stiabhna (Lasmuigh)/Saint Stephen’s Without (#2843) i bPort Láirge.
Iasacht ó na hAngla-Normannaigh – iadsan a thug cultas an naoimh seo isteach in Éirinn – é Stiabhna, an fhoirm den ainm a úsáidtear sna logainmneacha sin. Tá go leor leaganacha eile le fáil sa Ghaeilge, m.sh. Steimhín, Stiana, Steimhne, Stiofán, Steafán agus Stíbhin (D. Ó Corráin & F. Maguire, Gaelic Personal Names (1981); corpas.ie s.nn. Stíbhin; Steafán). Is féidir iad seo a roinnt ina dhá ngrúpa: tá leithéid Stiabhna, Stiana díorthaithe ón leagan Sean-Fhraincise Estievne/Estienne (cf. Logainmneacha na hÉireann I: Contae Luimnigh, lch.53; féach freisin “Stiamna < Stémni < AN (E)steph(e)ne” ag Risk, ‘French loan-words in Irish’ I (1970) §13)); agus is iasachtaí déanacha ó Brl. Stephen iad na leaganacha eile Stiofán, Steafán, et var. (Tugann na foirmeacha Gaeilge deiridh seo le fios go raibh -f- /f/ le clos nuair a gaelaíodh an t-ainm. Is faoi thionchar an leagain scríofa a d’eascair an foghar sin san ainm Béarla an chéad lá: “spelling-pronunciation” a bhí ann, de réir Ox. Dict. Family Names s.n. Stephen.) Ní haon rud nua, mar sin, atá sa mheascán úsáide atá le fáil sa Ghaeilge gus an lá inniu. Cuir i gcás an scríobhaí Tadhg Ó Neachtain ó Bhaile Átha Cliath: san 18ú haois luath bhaineadh seisean úsáid as foirmeacha de Steafán ina chuid leaganacha Gaeilge d’ainmneacha amhail ‘(ag) Faithcheadh S[an] Stepháin’ [Brl. Saint Stephen’s Green], ‘an Deputi Stephon Scroop’ [Brl. Stephen Scroop, leasionadaí na hÉireann sa 14ú haois], ach bhí foirmeacha de Stiabhna aige sa leagan Gaeilge de shloinne an ionróra Angla-Normannaigh ‘Roibert Mc Stiophna’ [Robert Fitz-Stephens]. Thairis sin, agus é ag tagairt do chara pearsanta agus comhscríobhaí dá chuid .i. an Ciarraíoch darbh ainm Stephen Rice as Béarla, scríobh sé idir ‘Stiophán (Ó) Maolcraoibhe’ agus ‘Stiabhna Ríghis’!
Ní amháin gur tugadh Stephen isteach go hÉirinn mar ainm naoimh, ach d’éirigh sé thar a bheith coitianta mar ainm pearsanta agus mar shloinne (Stephen(s)) i measc na nAngla-Normannach agus a sliocht siúd. Ach murab ionann is Liam (< Uilliam), Seán (< Jehan), Sinéad (< Jennet), srl., níor ghlac na Gaeil chucu féin riamh é mar ainm pearsanta. Dá bhrí sin, má fhaighimid Stephen caomhnaithe mar ainm pearsanta nó sloinne in ainm baile fearainn, is maith an seans gur de bhunadh na Sean-Ghall, nó b’fhéidir na Nua-Ghall, é an té a thug ainm don áit. Dhealródh sé go bhfuair Stephensland (#53503) i Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman, ainm ó Choirnéal de chuid na gCromalach dar sloinne Stephens, fear a ghabh seilbh ar thailte anseo sna 1650í (Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch.1609; is aistriúcháin í an fhoirm oifigiúil Fearann Stíbhin). Cé go bhfuil an sloinne Stephen(s) fianaithe i Ros Mhic Thriúin chomh luath le 1367, mar sin, toisc gan an logainm Stephensland féin a bheith le fáil sular tháinig an Coirnéal Stephens seo ar an láthair, is é is dóibhí ná gur uaidh siúd a ainmníodh an baile fearainn sa chás seo. Faighimid logainm de bhunús Gaeilge leis an mbrí chéanna, Fearann Stíbhin ‘the land of Stíbhin’ (#24798), gar do Thrá Lí i gContae Chiarraí, a béarlaíodh mar Farranstephen. Lonnaíocht Angla-Normannach atá taobh thiar den logainm Gaeilge sin. Agus is féidir an rud céanna a rá faoin logainm Béarla Stephenstown (#54034) i ndeisceart Chontae Loch Garman, fáth an leagain oifigiúil Ghaeilge Baile Stiofáin (Logainmneacha na hÉireann IV: Townland Names of Co. Wexford, lch.1609).
Mar a phléamar ina lán nótaí eile cheana, is minic a réadaíodh sloinnte Angla-Normannacha i logainmneacha Gaeilge san fhoirm aidiachtúil. Tá a leithéid le fáil i gcás an tsloinne seo freisin .i. AN Stephen(s) → Steafán → An Steafánach (gin. an Steafánaigh), m.sh. Baile an Steafánaigh (Beag)/Stephenstown(beg) (logainm.ie #47808) (‘Ballynstaffanagh’ (1637)) i gContae Thiobraid Árann, gar do Chaiseal. Ar an láimh eile, faighimid an fhoirm bhéarlaithe ‘Ballystephen’ san fhianaise do Stephenstown i gContae Luimnigh, rud a chuireann Baile Stiofáin “the town(land) of Stiofán” (logainm.ie #30924) in iúl (Logainmneacha na hÉireann I: Contae Luimnigh, lch.53), gan aon leid ar an bhfoirm aidiachtúil úd. Ní féidir a insint anois cé acu ainm pearsanta nó sloinne atá sa logainm Baile Stiofáin cheal tuilleadh fianaise, mar d’fhéadfadh ceachtar a bheith i gceist sa struchtúr Gaeilge seo — amhail Stephenstown an Bhéarla féin. Is é Baile Stiabhna (#32110) is bunús leis an logainm atá béarlaithe mar Ballysteen (ibid., lch.53).
Is cosúil go bhfuil bunús Angla-Normannach freisin le Stephenstown i gContaetha Chill Dara (#25955) agus Bhaile Átha Cliath (#16733) – aistriúcháin is ea an fhoirm oifigiúil Ghaeilge Baile Stiofáin sa dá chás – ach arís ní féidir a bheith cinnte cé acu sloinne nó ainm pearsanta é ó cheart. Is fíor seo chomh maith i gcás Stephenstown (#38628) i gContae na Mí, cé nach bhfuil an taighde oifigiúil curtha i gcrích sa chontae sin fós.
Cé nach bhfuil an taighde cuimsitheach curtha i gcrích ar Rathstephen (#38269) sa chontae céanna sin ach an oiread, tugann a bhfuil againn d’fhianaise malairt foirme eile fós de Stephen le fios. Tabhair faoi deara an leagan áitiúil Ghaeilge ‘Ráth Stín’ a breacadh síos i 1836, foirm a réitíonn go maith le foirmeacha stairiúla luatha ar nós ‘Rastyne’ (1628). Díol mór spéise is ea ‘Rasteene als. Steevenrath’ (1629), foirm a thaispeánann go bhfuaimnítí an -bh- láir san ainm Stíbhin (nó Stiabhna, ar nós Baile Stiabhna/Ballysteen thuasluaite, nó foirm ghaelaithe eile de SFr. Estievne, Estienne) mar ghuta sa chanúint áitiúil. Más ea, is féidir tairbhe a bhaint as an eolas seo agus sinn ag iarraidh ceist áirithe eile a réiteach, atá ag dó na geirbe ag logainmneoirí le fada an lá.
Is é Ráistín (logainm.ie #1413957) an leagan oifigiúil Gaeilge d’ainm an bhaile ar a dtugtar Clonmellon as Béarla, i gContae na hIarmhí. Léiríonn an fhianaise gurbh é seo ainm traidisiúnta na háite ag cainteoirí dúchasacha i gceantar na Mí agus na hIarmhí le linn an 19ú haois (bhí cuimhne air fós isteach sa 20ú haois). Níl aon fhianaise againn go nglaoití aon ainm eile ar an mbaile as Gaeilge. In ainneoin a dheimhnithe is atá an fhoirm seo, áfach, níor léir riamh cérbh é an bunús a bhí léi. Sin é an fáth go bhfuil tábhacht ar leith ag an taighde a rinneadh le déanaí ar an logainm eile úd Rathstephen (#38269) i gContae na Mí, a thugann le fios go bhféadfaí Ráth Stíbhin/Stiabhna nó a leithéid a laghdú go Ráth *Stín i gcanúint an cheantair. Agus an dara heilimint imithe doiléir ar lucht Gaeilge na háite, ní bheadh ag teastáil ach athrú beag sa phatrún béime chun Ráistín a dhéanamh den logainm, ar analach leis an ainmfhocal coitianta ráistín “shovel”. I ndeireadh na dála, mar sin, d’fhéadfadh sé go dtagann Ráistín (Clonmellon) freisin ó logainm Gaeilge den déantús ráth “ring-fort” + foirm ghaelaithe den ainm AN Stephen.
An chéad uair eile a bheidh tú ag druidim leis an bhfaiche mhór i lár Chathair Bhaile Átha Cliath go bhfeiceann tú an t-ainm Gaeilge Stiabhna ar an ainmphláta, cuimhnigh ar na taighdeoirí logainmneacha a chaithfidh dul i ngleic leis sin, le Steafán, le Stíbhin, le Stiofán agus le foirmeacha eile nach iad. Buailtear leis an iliomad leaganacha de Stephen i logainmneacha Gaeilge na hÉireann, agus ní thagraíonn oiread is logainm amháin acu don naomh a bhí á cheiliúradh an tseachtain seo caite!
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Paróiste Stiabhna (Laistigh)/Saint Stephen's Within
- Paróiste Stiabhna (Lasmuigh)/Saint Stephen's Without
- Baile Stiofáin/Stephenstown
- Fearann Stíbhin/Farranstephen
- Baile Stiofáin Thuaidh/Stephenstown North
- Baile Stiofáin/Stephenstown
- Baile Stiabhna/Ballysteen
- Ráth Stíbhin/Rathstephen
- Baile Stiofáin/Stephenstown
- Baile an Steafánaigh Beag/Stephenstownbeg
- Fearann Stíbhin/Stephensland
- Baile Stiofáin/Stephenstown
- Ráistín/Clonmellon