Sneachta an Gheimhridh agus comharthaí canúna
Ailt an tSneachta/Altatraght “the ravine of the snow”
(féach logainm.ie #16148)
Dáta: 19/01/2026
Táimid ag druidim go tiubh le deireadh mhí Eanáir agus deireadh an gheimhridh, de réir fhéilire na nGael; ach gan amhras, déarfadh a lán againn go bhfuil séasúr meitéareolaíoch an gheimhridh faoi lánseol fós agus seans ann i gcónaí go dtitfidh an sneachta ina bhrat bán. Cé nach bhfuil sneachta róchoitianta mar eilimint i logainmneacha, tá samplaí le fáil in ainmneacha bailte fearainn sna ceithre chúige. Cuir i gcás Ailt an tSneachta/Altatraght “the ravine of the snow” (#16148) i nDún na nGall, Tulaigh an tSneachta/Tullintrat “the mound of the snow” (#39886) i Muineachán, Cúil an tSneachta/Coolasnaghta “the recess of the snow” (#3298) i gCeatharlach agus Cluain Sneachta/Cloonsnaghta “pasture of (the) snow”, i Maigh Eo (#34456) agus sa Chlár (#6959) araon.
Tá Log an tSneachta “the hollow of the snow” le fáil sa Chabhán (#5489) agus i Liatroim (#29846), agus é béarlaithe Legatraghta agus Lugasnaghta faoi seach; go deimhin, is ann do loig thopagrafacha sa dá áit acu ina mairfeadh an sneachta slán tar éis na coscartha máguaird. Agus tá aghaidh ó thuaidh, den chuid is mó, ag formhór na mbailte fearainn eile thuasluaite freisin, rud a chuirfeadh moill ar an leá iontu os coinne áiteanna lena n-aghaidh ó dheas. Ní mar sin do Ailt an tSneachta/Altatraght “the ravine of the snow” i nDún na nGall, áfach, agus is inmheasta gur sneachta a fhanacht san ‘ailt’ (.i. sa chlais) féin a thug ainm don áit áirithe sin.
Is minic a thuigtear foirmeacha béarlaithe logainmneacha Gaeilge mar a bheadh truailliú — ní gan chúis — ach is fíor freisin gur féidir le foirm bhéarlaithe eolas a sholáthar faoi ghnéithe den chanúint áitiúil nach mbeadh le sonrú as litriú caighdeánach Gaeilge. Mar shampla, léiríonn na foirmeacha béarlaithe Altatraght i nDún na nGall, Tullintrat i Muineachán agus Legatraghta sa Chabhán go raibh fuaimniú /-tr-/ ar an gcarn consan -t(s)n- in …an tSneachta, forbairt ar saintréith í de chuid chanúintí an tuaiscirt (cf. mná /mr-/, cnoc /kr-/, srl.). Ach bíonn sé an-chontúirteach tátal canúineolaíochta a bhaint as foirmeacha béarlaithe logainmneacha, fiú amháin i dtaobh bunghnéithe simplí mar atá díreach luaite. Níl sna hainmneacha oifigiúla Béarla seo ach spléachadh amháin ar an bhfianaise; thairis sin, dar ndóigh, rinneadh caighdeánú córasach orthu le linn an chéad Suirbhéireacht Ordanáis i lár an 19ú haois atá seanbhunaithe ó shin. Cuir i gcás Lugasnaghta i Liatroim: ar an gcéadfhéachaint thabharfadh an litriú caighdeánach sin le fios go raibh fuaimniú canúnach le clos anseo a bhí éagsúil ó na samplaí eile thuasluaite nach bhfuil rófhada ó bhaile; ach is amhlaidh a shoiléiríonn tagairtí luatha don logainm céanna amhail ‘Lugatraghta’ agus ‘Leggatrachta’ an fhorbairt /-tr-/ sa chás seo freisin (féach #29846). Faoi mar a fheicfear i nótaí eile amach anseo, is gá dúinn taighde cuimsitheach a dhéanamh ar gach logainm i dtosach báire i gcónaí, an fhianaise sin a dhearbhú agus ansin anailís stuama a dhéanamh air ina iomláine — gan a leithéid a dheimhniú is nach mór cinnte go gcuirfí amú sinn.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)