Tá Pilibíní agus pilibíní ann!
Gleann Philibín / Glenphilipeen
“the valley of Pilibín [ainm pearsanta]” (logainm.ie #55935)
Dáta: 01/02/2026
Cé go dtugann an Feabhra an t-earrach isteach – de réir mar a thuigtear an féilire traidisiúnta in Éirinn, ar aon chuma – bíonn sé geimhriúil go maith fós ó thaobh na haimsire de. Is de réir a chéile agus go malltriallach a dhúisíonn an dúlra arís i rith na míosa seo. Ar na radharcanna is coitianta le linn mhí Feabhra, go háirithe nuair a thiteann an teocht go tobann, tá na scataí pilibíní nó feadóg agus iad ar thóir an bhia i ngoirt i bhfad slí isteach ón gcósta. Comhartha ceart an gheimhridh é seo, dar le cuid mhaith againn! Ní haon iontas go dtagann na feadóga suntasacha seo i gceist in ainmneacha bailte fearainn ar fud na tíre. Cuiream i gcás:
- Barr na bhFeadóg “the (hill)top of the plovers”, béarlaithe mar Barnaveddoge (logainm.ie #33543) i gContae Lú agus Barranafaddock (logainm.ie #50223) i gContae Phort Láirge;
- Ré na bhFeadóg / Reanaviddoge “the level (ground) of the plovers” (logainm.ie #49267) i gContae Phort Láirge;
- Droimín na bhFeadóg / Drummeennavaddoge “the (little) ridge of the plovers’ (logainm.ie #35763) agus Lios na bhFeadóg / Lisnaviddoge “the ring-fort of the plovers” (logainm.ie #46994) i gContae Thiobraid Árann;
- Sliabh na bhFeadóg / Slievenavadoge “the mountain of the plovers” (logainm.ie #24511) i gContae Chiarraí;
- Screathan na bhFeadóg / Scranaviddoge “the scree(-slope) of the plovers” (logainm.ie #8291) i gContae Chorcaigh;
- Móin na bhFeadóg / Moanaviddoge “the bog(land) of the plovers” (logainm.ie #32448) i gContae Luimnigh;
- Cluain na bhFeadóg / Clonnnavaddoge “the (wet) meadow, pasture of the plovers” (logainm.ie #18563), Gleann na bhFeadóg / Glennavaddoge “the valley of the plovers” (logainm.ie #17682; #21153) agus Gráig na bhFeadóg / Graiguenavaddoge “the village, hamlet of the plovers” (logainm.ie #20318) i gContae na Gaillimhe;
- Log na bhFeadóg “the hollow of the plovers” béarlaithe idir Lagnavaddoge agus Lugnavaddoge (logainm.ie #35704; #35982) i gContae Mhaigh Eo;
- Learga na bhFeadóg / Larganavaddoge “the hillside of the plovers” (logainm.ie #29437) i gContae Liatroma.
Tabhair faoi deara nach sa Ghaeilge amháin a ainmníodh bailte fearainn as an bhfeadóg seo: mar shampla, de réir na fianaise a thagann anuas chugainn, is cosúil gur cumadóireacht Bhéarla é Ploverhill (logainm.ie #46021) i gContae Thiobraid Árann (‘Ploverhill’ 1807), agus is aistriúchán é an leagan oifigiúil Gaeilge Cnoc na bhFeadóg. Thairis sin, faoi mar is eol do lucht na Gaeilge, ní hé an t-éan is mó atá faoi thagairt ag an bhfocal feadóg sa ghnáthchaint, ach an uirlis ceoil nó an gléas a bhíonn ag an réiteoir le séideadh. Ó thaobh sanais de, is foirm dhíspeagtha é feadóg den fhocal fead ‘fuaim chaol cheoil a shéidtear amach trí bheola nó trí fhiacla leathdhúnta; puth, anáil’ AFB, a chuireann ‘píopa’ nó ‘feag ar uirlis ceoil’ in iúl freisin. As an bpréamh céanna a tháinig díspeagadh eile feadán, ar tús sa chiall ‘tiúb trína ritheann gaoth nó leacht’ agus ansin an ‘scaird leachta’ féin (eDIL s.v. fetán); sin bunús na heiliminte feadán atá fíorchoitianta i logainmneacha ag tagairt do shrutháin. Brí eile le feadóg nach bhfuil róchoitianta sa chaint a thuilleadh, cé go bhfásann an planda féin go rábach ar fud na tíre, is ea an lus fiáin darb ainm Béarla great horsetail (Equisetum telmateia).
Is féidir an réimse bríonna seo a chur san áireamh, mar sin, agus sinn ag scrúdú logainmneacha a bhfuil a mbunchiall bheacht doiléir fós. Tógaimis an logainm béarlaithe Kilnafaddoge (logainm.ie #50754) i mBaile Átha Luain, Contae na hIarmhí, nach bhfuil an taighde córasach curtha i gcrích air (le plé ag an Dr. Aengus Ó Fionnagáin in The Placenames of Brawny & St. Peter’s, le teacht). Ar na ceisteanna is gá a shoiléiriú, tá bunús na chéad eiliminte agus cé acu cill nó coill atá sa treis. D’fhéadfadh Cill na bhFeadóg a bheith ag tagairt don chillín (reilig do pháistí) sa bhaile fearainn teorantach Collegeland (#50743), cé gur lios a thugtaí air sin cheana de réir dealraimh (Lissahearin Grave Yard (Disused) SO 25ʺ), ach más coill a bhí sa chéad eilimint de Kilnafaddoge, ní mór cuimhneamh nach gnách do na feadóga, na héiníní, coillte a tháthú, agus d’fhéadfaí míniú eile a lorg ar *Coill na bhFeadóg.
Tá focal eile againn sa Ghaeilge ar an bhfeadóg agus ar éiníní eile atá gaolmhar leis, mar atá pilibín. Ag scríobh dó i gContae Chill Chainnigh i mí na Samhna 1833, dúirt an dialannaí Amhlaoibh Ó Súilleabháin go raibh ‘scéal ait’ díreach cloiste aige mar gheall ar an gcorr réisc: ‘gurb ag an ré lán is líonta i bhfeoil é’, agus a bholg lán d’iasc tar éis seilg le solas na gealaí, agus dá bhrí sin gur ag an tréimhse sin den mhí ‘is fusa do lámhach’ é! Leanann sé air: ‘Mar so do gach éan noch a mhaireann ar shaothar na hoíche, mar atá an naoscach, an fheadóg, an pilibín, an creabhar…’, agus soiléiríonn dúinn le nótaí Béarla an difríocht a shonraigh sé féin idir an fheadóg (‘grey plover’) agus an pilibín (‘green plover’). Is cosúil go dtagann ainm an éin ó Pilibín, ar gaelú é ar an ainm pearsanta/sloinne Angla-Normannach Philbin, foirm dhíspeagtha de Philip. Tá a leithéid d’úsáid le sonrú in ainmneacha éiníní/feithidí eile: cuir i gcás siobháinín glas (ainm a bhí ag Ó Súilleabháin ar an nglasóg uisce nó “water wagtail”), siobháinín an bhóthair ‘glasóg shráide’, siobháinín an chlúimh ‘speig neanta’, srl.; tagann siadsan ó Siobhán, gaelú ar Joanne na nAngla-Normannach. (Cf. freisin pilib an gheataire “daddy long-legs”.) Is féidir na hainmneacha seo a chur i gcomparáid leis an nós Sasanach ainmneacha pearsanta a bhaisteadh ar éanlaithe, m.sh. Brl. Robin (redbreast), Jack (daw), srl., a tháinig chun solais sna Meánaoiseanna déanacha (féach OED s.vv. jackdaw (1543), robin (c. 1400)). Is dócha go míneodh an úsáid dhéanach seo an easpa samplaí den eilimint pilibín, mar ainmfhocal coitianta a chiallaíon ‘plover’, i logainmneacha na hÉireann.
Ar an láimh eile, is deimhnitheach go dtagann an t-ainm dílis Pilibín (< AN Philbin) i gceist i logainmneacha. Ó thaobh an Bhéarla de, ar na samplaí cinnte tá Philippintown (logainm.ie #53922) i mbarúntacht Ó Bairrche, Contae Loch Garman (Baile Philibín an leagan oifigiúil Gaeilge; féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman). Maidir le logainmneacha de bhunús Gaeilge, tabhair faoi deara nach raibh na Gaeil féin rócheanúil ar Pilibín mar ainm; de réir a dtagann anuas chugainn de ghinealaigh, ní dhearna na Gaeil a gcuid féin de, murab ionann is go leor ainmneacha pearsanta eile de chuid na nAngla-Normannach. Dá bhrí sin, nuair a chasaimid le logainm Gaeilge a bhfuil Pilibín ann, is féidir a bheith nach mór siúráilte nach Gael a bhí i gceist ach Sean-Ghall .i. duine de bhunadh na nAngla-Normannach seanghaelaithe. Cuir i gcás:
- Gleann Philibín / Glenphilipeen “the valley of Pilibín” (logainm.ie #55935) i gContae Chill Mhantáin;
- Currach Philibín / Curraghphilipeen “the marsh of Pilibín” (logainm.ie #49074) i gContae Phort Láirge;
- Baile Philibín “the town(land) of Pilibín”, béarlaithe mar Ballyfilibeen (logainm.ie #11659) agus Ballyphilibeen (logainm.ie #10638) i gContae Chorcaí;
- Coill Philibín / Kilphillibeen “the wood of Pilibín” (logainm.ie #9983) i gContae Chorcaí freisin.
Den chuid is mó, ní féidir a bheith cinnte cé acu ainm pearsanta nó sloinne a bhíonn i gceist le Pilibín i logainmneacha. Ní mar sin, ámh, do Baile na bhFilibíneach / Philibenstown (logainm.ie #33478) i gContae Lú: is léir ón bhfoirm Ghaeilge áitiúil a breacadh síos i 1836, ‘Baile na bhPhilibineach’ [sic], gurbh iad Na Filibínigh .i. ‘daoine dar sloinne Filibín’ (< AN Philbin), a bhí faoi thagairt.
Tharla cor eile le linn an 19ú haois a thugann an scéal ón ainm Angla-Normannach ar ais go dtí an t-éan. Tá an sloinne Mac Philibín coitianta i gContae Mhaigh Eo. Ainm athartha é seo ó cheart, bunaithe ar Pilibín gan amhras, agus mheas Seán Ó Donnabháin gur thagair sé do chraobh de na Búrcaigh. Ba dhóchúla leis an mBulbhach, áfach, gur leis na Bairéadaigh a bhaineadar (Sloinnte Gaedheal is Gall, lch. 400). Thaobhaigh Mac Giolla Iasachta leis an Donnabhánach, gur chuir sé síos ar an teaghlach mar ‘one of the hibernicized branches of the Connaught Burkes’ (The surnames of Ireland (1985), lch. 245). Pé bunús a bhí leo, bhíodar lonnaithe i gCaisleán an Dúin, gar do Chathair na Mart: féach bf Dooncastle / Caisleán an Dúin (#36997), par. Achadh Ghobhair. (Tabhair faoi deara go raibh caisleán eile luaite leo, MacPhilbins Castle SO, i dTobar Ruáin (#36901), 5 km slí soir ó dheas ón Dún (cf. Mac Gabhann, Logainmneacha Mhaigh Eo 1: Barúntacht Bhuiríos Umhaill). I saol an Bhéarla inniu, is é Philbin is mó go mór is go fada a fhaightear i gContae Mhaigh Eo. Ach le linn an Athraithe Teanga, is amhlaidh a d’aistrigh cuid de Chlann Philibín a sloinne féin mar Plover (féach de Bhulbh), mar is léir ó Dhaonáireamh 1911 a thaispeánann carn samplaí den leagan sin in oirthear an chontae. Ábhar suimiúil staidéir is ea a leithéid seo d’aistriúcháin a tharla le linn an Athraithe Teanga, gan dabht, agus tá Mac Philibín > Plover ar na samplaí is spleodraí amuigh! Tá sé le cur i gcomparáid le sampla eile as Cúige Chonnacht a bhaineann le héanlaithe freisin, ach atá níos cáiliúla, b’fhéidir, mar atá Ó Cadhain (ón seanainm pearsanta Cadhan) > Barnacle, bunaithe ar bhrí an ainmfhocail choitianta cadhan = Brl. barnacle goose (eDIL s.v. cadan). Fágaimid fúibh féin an seoidín ainmeolaíochta seo a úsáid chun nasc a cheangal idir an mbeirt scríbhneoirí próis is tábhachtaí de chuid an 20ú haois in Éirinn, duine acu ag saothrú as Béarla agus an duine eile i mbun na Gaeilge…!
Pé ar domhan de, tá súil againn go dtiocfaidh feabhas ar an aimsir faoi dheireadh mhí Feabhra ionas gur féidir leis na pilibíní agus na feadóga filleadh ar an gcósta, agus go mbeidh na cadhain féin ag prapáil chun imirce an tsamhraidh go dtí Graonlainn na síochána.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Screathan na bhFeadóg/Sranaviddoge
- Coill Philibín/Kilphillibeen
- Baile Philibín/Ballyphilibeen
- Baile Philibín/Ballyfilibeen
- Gleann na bhFeadóg/Glennavaddoge
- Cluain na bhFeadóg/Cloonnavaddoge
- Gráig na bhFeadóg/Graiguenavaddoge
- Sliabh na bhFeadóg/Slievenavadoge
- Learga na bhFeadóg/Larganavaddoge
- Móin na bhFeadóg/Moanaviddoge
- Baile na bhFilibíneach/Philibenstown
- Barr na bhFeadóg/Barnaveddoge
- Log na bhFeadóg/Lagnavaddoge
- Droimín na bhFeadóg/Drummeennavaddoge
- Tobar Ruáin/Toberrooaun
- Caisleán an Dúin/Dooncastle
- Cnoc na bhFeadóg/Ploverhill
- Lios na bhFeadóg Thuaidh/Lisnaviddoge North
- Currach Philibín/Curraghphilipeen
- Ré na bhFeadóg/Reanaviddoge
- Barr na bhFeadóg/Barranafaddock
- /Collegeland
- Cill na bhFeadóg/Kilnafaddoge
- Baile Philibín/Philippintown
- Gleann Philibín/Glenphilipeen