An t-ainm Bríd agus an sloinne Mac Giolla Bhríde -
Fearann Mhic Giolla Bhríde/Farranmacbride
“the land of Mac Giolla Bhríde/McBride”
(féach logainm.ie #14820)
Dáta: 03/02/2026
Rud nach bhfuil ar eolas go forleathan, is dócha, is ea nach raibh sé de nós ag na Gaeil sna meánaoiseanna ainmneacha naomh a ghlacadh chucu féin mar ainmneacha pearsanta. Bheadh Bríd, cuir i gcás (mar atá le fáil i logainmneacha amhail Kilbride/Cill Bhríde “the church of Bríd/Saint Brigit” (#2554) a pléadh an tseachtain seo caite), thar a bheith neamhchoitianta mar ainm pearsanta i measc na nGael sa tréimhse sin, murab ionann is an lá inniu. Ní taise do Muire é, ainm na Maighdine sa traidisiún Caitliceach, ar iasacht dhíreach é ó Maria na Laidine. (Tháinig an leagan eile Máire isteach mar ainm pearsanta i bhfad ní ba dhéanaí, dar ndóigh, mar iasacht ó Marie na nAngla-Normannach.) Agus cé go nglacfaimisne lena mhalairt, b’fhéidir, agus dearcadh an lae inniu againn, is amhlaidh nach raibh baint dá laghad ag an gCaitliceachas le forleathadh an ainm Bhéarla Mary in Éirinn an chéad lá. Ní hea ach ceanglaíodh an t-ainm Mary le hainm dúchasach Gaelach a bhí coitianta thar na bearta ach nach raibh gaolta in aon chor léi, mar atá Mór. Mar chomhartha ar a chomónta is a bhí an t-ainm sin in Éirinn anallód, níl againn ach féachaint ar an seanfhocal "Is leor do Mhór a dícheall" (“One can only do one’s best”) ina seasann Mór don ghnáthdhuine daonna, is é sin, do Thadhg na sráide.
Ach in ionad úsáid dhíreach a bhaint as na hainmneacha seo, bhí cleas eile ag na Gaeil chun cléirigh agus naoimh chlúiteacha a chaomhnú ina gcuid ainmneacha pearsanta. Go hiondúil, chuiridís an mhír maol “devotee, servant (lit. tonsure)” (féach eDIL s.v. 3 Mael) nó giolla “servant” (eDIL s.v. gilla (e)) roimh ainm an naoimh, m.sh. Maolphádraig, Giolla Phádraig; Maolbhríde, Giolla Bhríde; Maolmhuire, Giolla Mhuire; Maoileachlainn (< Maol Sheachlainn < Maol Sheachnaill). Bhaintí úsáid as na hainmneacha seo mar ainmneacha pearsanta fireanna, fiú iad siúd a chaomhnaigh naoimh bhaineanna. Mar ba dhual do na Gaeil, d’fhorbair sloinnte as na hainmneacha pearsanta seo trí na míreanna Ó “descendant of” nó Mac “son of” a chur leo, rud a d’fhág Mac Giolla Mhuire/Gilmore, Mac Giolla Bhríde/McBride, srl. (I gcás an tsloinne Ó Maoileachlainn, féach gur meascadh é go ginearálta le Mac Lochlainn/McLoughlin.)
Is fiú a lua, áfach, i leith sloinnte dar tús Mac…, gur mhór an luí a bhí ag na Gaeil riamh le hainmneacha athartha, is é sin, go ndéanaidís duine nó sliocht ar leith de chuid fine nó treibhe áirithe a shonrú le hainm an athar nó an tseanathar — agus bíonn sé seo le sonrú fiú amháin i gcáipéisí gallda. Féach mar shampla ‘Surrender by Cormac Carty fitz Derby alias Cormac m‘Diermod m‘Teig M‘Carty, of the Blarny, co. Cork…’ [= Cormac mac Diarmada mhic Thaidhg Mac Cárthaigh] i bhFiant dar dáta 1589.
Dá bhrí sin is uile, nuair a bhímid ag scrúdú logainm amhail Fearann Mhic Giolla Bhríde/Farranmacbride (#14820) is deacair a mheas cé acu “the land of the son of Giolla Bhríde (.i. ainm athartha chun ginealach a chur in iúl)” nó “the land of Mac Giolla Bhríde/McBride (.i. ainm teaghlaigh .i. sloinne)” a bhí i gceist ó cheart. Fadhb choitianta é seo a bhaineann le logainmníocht na hÉireann agus de ghnáth ní bhíonn aon réiteach air ach dul i muinín le taighde comhlántach. I gcás Fearann Mhic Giolla Bhríde, díol mór spéise go raibh cúlra eaglasta ag an sloinne Mac Giolla Bhríde (Brl. McBride) i ndeoise Ráth Bhoth agus san iarthuaisceart i gcoitinne — agus tá sé le tuiscint as torthaí taighde atá tagtha chun solais le déanaí gur mó go mór an seans go mbeadh sloinne teaghlaigh áirithe le fáil in ainm baile fearainn má bhí stádas ard nó gairmiúil ag an teaghlach sin sa cheantar. Sa chás seo, más ea, is féidir linn an cáilitheoir sa logainm Fearann Mhic Giolla Bhríde/Farranmcbride a thuiscint mar shloinne a bhí ar theaghlach áitiúil a raibh cúlra eaglasta aige .i. Mac Giolla Bhríde; díol spéise freisin gur dócha gur thagair an t-aicmitheoir féin fearann “land” do thailte a bhí i seilbh na hEaglaise tráth.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)