Giolcach, scuab agus an phláigh aduaidh
Templescoby /Teampall Scuaibe 'church of (the) brush(wood)'

'the church of (the prayer called)' An Scuab Chrábhaidh
'the church of (the plague called)' An Scuab as Fánaid

Dáta: 23/02/2026

Is furasta an t-aiteann a mheascadh leis an ngiolcach. Ní haon iontas é go bhfaighimid tagairt don bhaile fearainn Broomhall (logainm.ie #55765) i gContae Chill Mhantáin mar Curryhill [leg. Furryhill .i. cnoc aitinn] sa 18ú haois. (Is aistriúchán í an fhoirm Ghaeilge Halla na nGiolcaí.) I logainmneacha Béarla mheascfaí broom le bloom ar uairibh, mar a tharla i gcás Bloomfield (logainm.ie #52450), Contae Loch Garman, ar a dtugtaí Broomfield ó cheart. Tháinig an t-ainm Béarla sin in ionad Tom na Gráinneoige “the bush of the hedgehog”, mar is cosúil ón ainm béarlaithe Tomnagranogue – ach féach go dtugann an tagairt is luaithe Tuberingranogie (1654) aicmitheoir eile .i. tobar “well” le fios.

Tá meascán de shaghas eile le fáil sa Ghaeilge féin. D’fhéadfadh an focal giolcach (shléibhe) a thagairt do “reed, cane” chomh maith le “broom” (FGB s.n. giolcach), agus dá bhrí sin is féidir Baile na Giolcaí – logainm Gaeilge atá béarlaithe mar Ballinagilky (logainm.ie #3001) i gContae Cheatharlach agus Ballynaguilkee (logainm.ie #49970) i gContae Phort Láirge – a aistriú mar “the town(land) of the reed” nó “the town(land) of the broom”. Mar an gcéanna don logainm Cnoc na Giolcaí / Knocknagilky (logainm.ie #54896) i gContae Chill Mhantáin .i. “the hill of the reed” nó “of the broom”. Castar leis an bhfocal giolcach mar logainm simpléacsúil leis féin, gan eilimint cháilithe, m.sh. An Ghiolcach / Guilkagh (logainm.ie #2383) i gContae Phort Láirge. Ní gá, áfach, “the broom” a thuiscint as a leithéid. Is annamh a úsáidtear ainm crainn nó toir leis féin mar logainm. (Ar an eisceacht is mó tá An Sceach “the whitethorn”, is cosúil de dheasca a choitiantacht is a bhí a leithéid mar mharc teorann.) Mar sin, is fearr An Ghiolcach a thuiscint mar chomhshuíomh de giolc “reed” (FBG s.v. giolc) + -ach, iarmhír chnuasaigh, sa chiall “the place of reed(s)”. Sin é an t-ainm Gaeilge a thug Gilcagh (logainm.ie #9566) i gContae Chorcaí; Gilkagh (logainm.ie #20459) agus Gilkagh East/West (logainm.ie #18918; #18919) i gContae na Gaillimhe; agus Guilkagh Beg/More (logainm.ie #26625) i gContae Chill Chainnigh.

Tá cor eile i scéal seo na ngiolcaí. Sa Bhéarla, is é an focal céanna broom a tugadh ar an ngiolcach féin agus ar an ngléas scuaibe a dhéantaí as. Ní mar sin don Ghaeilge, dar ndóigh, mar is iasacht é scuab s’againne ó scopa na Laidine. Tagann an focal sin i gceist in ainmneacha na mbailte fearainn Cathair Scuaibe / Caherscooby “circular stone fort of (the) broom, brush” (logainm.ie #6421) i gContae an Chláir agus Doirín na Scuaibe / Derreennascooba “the (oak-)grove of the brush, broom” (logainm.ie #35937) i gContae Mhaigh Eo. Ainm paróiste agus baile fearainn i gContae Loch Garman is ea Teampall Scuaibe / Templescooby (logainm.ie #52704), agus d’fhéadfaí é sin a mhíniú mar “church of (the) broom, brush” freisin. Ach faoi mar a thug an Dr. Pádraig Ó Cearbhaill (an t-iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha) faoi dheara, sa trácht dó ar an logainm Cill Scuaibín / Kilscobin (logainm.ie #47541) i gContae Thiobraid Árann, b’ann don urnaí ársa sa Ghaeilge darbh ainm An Scuaib Chrábhaidh “the brush of piety” (Logainmneacha na hÉireann II, lgh.235–7). Más é an focal céanna atá i gceist sa logainm Teampall Scuaibe i gContae Loch Garman, d’fhéadfaí é a mhíniú mar “the church of the prayer called An Scuab Chrábhaidh” (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch.1706).

Ach tá bunús eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist, mar atá an tairngreacht a rinne Colm Cille go dtiocfadh purgóid chun Éire a sciomradh ag deireadh an domhain; ‘in Scúap a Fánait’ a thug sé air sin, nó i litriú an lae inniu, An Scuab as Fánaid (#57079, Co. Dhún na nGall) (dil.ie s.v. scúap (b)). Tugann Ó Duinnín an míniú Béarla “lit. the Broom from Fanad … a plague or destruction to occur on the Last Day to avenge the slaying of John the Baptist … prob. a whirlwind” (Dinn. s.n. scuab). Agus Stoirm Éowyn curtha dínn againn ag deireadh mí Eanáir, gura fada uainn an scuab eile seo aduaidh!

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)