Chomh mear le giorria Márta
Gort na nGiorriacha / Harefield
“the field of the hares” (logainm.ie #36400)
Dáta: 02/03/2026
I saothar scríbhneoirí an Bhlascaoid is minic a chastar leis an gcaint bhí X i Márta a trí, agus an bhrí ‘bhí ardghiúmar ar X’ leis. Ní hionann ciall dó, mar sin, is an frása Béarla as mad as a March hare! Tá a mhacasamhail sin sa Ghaeilge leis, chomh mear le giorria Márta, agus é níos oiriúnaí fós, b’fhéidir, tharla an dá bhrí ‘tapa’ agus ‘craiceáilte’ leis an bhfocal mear againn.
Sa tSean- is sa Mheán-Ghaeilge (c. 700–1200A.D.) thugtaí míl maige ar an ngiorria (lepus as Laidin, agus lepus timidus hibernicus an saghas atá againn abhus); ciallaíonn míol maí ‘dúil a luaitear leis an machaire’. Ach ó tharla go dtagraíonn an focal míol do réimse ollmhór ainmhithe, ón míol mór (“whale”) go dtí an míol leapa (“bed-bug”), nuair a thagann sé i gceist i logainmneacha ní féidir talamh slán a dhéanamh de gur mamaigh bheaga chlúmhacha ar nós an ghiorria a bhíonn i gceist. I bhfoclóir na seanlitríochta, Dictionary of the Irish language, tugtar an míniú “an animal, used in [the] wide sense of all the lower creatures, but never of human beings”. Ach gan amhras, déantar tagairt don ghiorria féin ansin (eDIL s.v. 1 míl). Ar na samplaí den fhocal míol in ainmneacha bailte fearainn tá:
- An Chúil Mhíolach / Coolmeela or Prospect “the nook, recess abound in hares?, midgets?, louse?, creatures” (logainm.ie #52629) i gContae Loch Garman;
- Áth an Mhíl / Aghaville “the ford of the hare?, midge?, louse?, creature?” (logainm.ie #13177) agus Cnoc an Mhíl / Knockaveale “the hill of the hare?, etc.” (logainm.ie #8079) i gContae Chorcaí;
- Ros an Mhíl [G] “the headland of the hare?, srl.,” (nó b’fhéidir “whale?” anseo) (logainm.ie #18696) agus Gleann an Mhíl / Glennaveel “the valley of the hare?, etc.” (logainm.ie #21315) i gContae na Gaillimhe;
- Béal Átha an Mhíl / Belville “the mouth of (approach to) the ford of the hare?, etc.” (logainm.ie # 44831) i gContae Shligigh;
- An Bhuaile Mhíolach / Boleymeelagh “the boley abounding in hares?, etc.” (logainm.ie #34998) i gContae Mhaigh Eo;
- An Currach Míolach / Curraghmeelagh “the marsh abounding in hares?, etc.” (logainm.ie #42165) in Co. Offaly.
Ach níl aon bhrí eile ag an bhfocal giorria sa Ghaeilge ach “hare”, cé gur gearr- “short” + fia “wild animal; deer” a dhéantús ó cheart! (Féach Ó Duinnín s.vv. gearrfhiadh, girrfhiadh; eDIL s.v. 2 fíad). Is féidir a bheith deimhnitheach go leor nuair a bhuaileann an focal seo linn in ainmneacha bailte fearainn, más ea, agus díol spéise freisin an meascán foirmeacha sa ghinideach iolra ar fud na tíre:
- Muine na nGiorria / Monanagirr “the thicket of the hares” (logainm.ie #39373) i gContae Mhuineacháin;
- Gort na nGiorriacha / Harefield “the field of the hares” (logainm.ie #36400) i gContae Mhaigh Eo;
- Meall na nGiorraithe / Maulnagirra “the knoll of the hares” (logainm.ie #13280) i gContae Chorcaí;
- Sliabh na nGiorraithe / Slievenagorea “the mountain of the hares” (logainm.ie #52191) i gContae Loch Garman.
Bíonn sé le fáil san uimhir uatha freisin:
- Cnocán an Ghiorria / Haremount “the hillock of the hare” (logainm.ie #9792) i gContae Chorcaí, nár tháinig an t-aistriúchán chun cinn go dtí an 19ú haois (cf. ‘Knockanegariagh’, CGn. 11.308.4601);
- Annaghgerry / Eanach Ghiorria “marsh of (the) hare” (logainm.ie #29662) i gContae Liatroma.
Díol mór spéise an cnoc darb ainm Cnocán na nGiorriacha “the hillock of the hares” i gConamara. De réir taighde a rinneadh sa 20ú agus sa 21ú haois, sin é an t-ainm coitianta ar an áit sin, agus sin é an leagan áitiúil a dearbhaíodh san ordú logainmneacha i 2011 dá réir (logainm.ie #1167453). Ach Keeraunmahoona Hill an t-ainm a greanadh ar na seanléarscáileanna de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis sa 19ú haois, foirm a sheas do Caorán Mhathúna “the moor of Mathúin”. Is cosúil gur bhuail an giorria bob ar Mhathúin bocht an babhta seo.
Bheadh cuma réasúnta simplí ar an logainm Béarla Harsemead (logainm.ie #53418), Contae Loch Garman, ar an gcéad fhéachaint. Ach is amhlaidh atá an fhianaise casta, mar a phléitear i Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman. Socraíodh an t-aistriúchán Móinéar an Ghiorria “the meadow of the hare” sa dréachtordú logainmneacha don chontae sin. Sampla i bhfad níos cinnte ón gcontae céanna is ea ‘Parkgaria’ (1724: CGn. 42.293.26413) i bparóiste Bhaile Uí Bhreasail gar do Cheann Poill; béarlú é sin ar Páirc (an) Ghiorria “park of (the) hare”. Tá a leithéid chéanna le fáil as Béarla in ainm an bhaile fearainn Harepark (logainm.ie #43165) i gContae Ros Comáin. Níor scríobhadh d’ainm Gaeilge ó mhuintir na háite i 1838 ach ‘léim’, ach ó tharla nach bhfuil an taighde córasach curtha i gcrích ar logainmneacha an chontae sin ní fhéadfaí a rá an bhfuil baint ag an logainm Béarla Harepark le hainm an bhaile fearainn béal dorais, An Léim / Leam “the leap” (logainm.ie #43167); b’in é an ‘léim’ a bhí i gceist ag na Gaeilgeoirí i 1838 dar ndóigh.
Is ann do neart oileán darb ainm oifigiúil Hare Island, ach is ainmneacha déanacha Béarla a bhformhór, seachas aistriúchán ar *Oileán na nGiorraithe, de réir mar is féidir linn a dhéanamh amach. Ghlac cuid acu seo ionad logainmneacha eile Gaeilge, áfach. Cuir i gcás Hare Island (logainm.ie #129542) gar do Dhún na Séad i gContae Chorcaí. Inishodriscol or Hare Island an t-ainm oifigiúil ina iomláine, a thaispeánann an leagan Gaeilge Inis Uí Drisceoil “the island of Ó Drisceoil”. D’fhorbair an sloinne seo ó Etarscél na Meán-Ghaeilge, sampla an-neamhchoitianta d’ainm pearsanta den struchtúr ‘réamhfhocal + ainmfhocal’ (mar a bheadh Nua-Ghaeilge idir+scéal), rud a mhíníonn an easpa séimhithe ar Dr- sa ghinideach, dála an scéil. Gan amhras tá dlúthbhaint ag an sloinne seo leis an gceantar (see P. W. Woulfe, Sloinnte Gaedhael is Gall: Ó Drisceóil)! Ná ní thagann an logainm Béarla Hareisland (logainm.ie #50972) i Loch Rí, Contae na hIarmhí, ón ainm Gaeilge Inis Ainín “the island of Ainín (ainm pearsanta)”. I seanfhéilirí na naomh faoi 7 Eanáir faighimid tagairtí do ‘Donnan, sagart, ó Inis Aingin for Loch Ríbh’ (for = ar) (féach Seán Ó Donnabháin, eag., Felire na Naomh nErennach aka the Martyrology of Donegal; Whitley Stokes, eag., Féilire Húi Gormáin: The Martyrology of Gorman). Sin ainm pearsanta neamhchomónta eile, nach gcastar leis ach amháin sna ginealaigh, m.sh. Aingin (Ó Muraíle, eag., Leabhar Mór na nGenealach 84.3, 1039.1), Aingen (M.A. O’Brien, eag., Corpus Genealogiarum Hibernia 662.26 n.i, 662.28).
Sa Rinn Mhór lasmuigh de Chathair na Gaillimhe faighimid Hare Island eile a bhfuil ainm Gaeilge éagsúil air, mar atá Oileán Rois Mhóir “island of (the) big headland” (logainm.ie #18883). Tá snáthaid chaol de ghainimh is ghrean idir an t-oileáinín seo agus an gob beag ar an gcósta. Díreach in aice le hOileán Rois Mhóir tá Oileán Rois Bhig “island of (the) little headland”, agus mar chomharsa don Hare Island tugadh Rabbit Island air sin (logainm.ie #18665)! Tá an coinín is an giorria le fáil díreach in aice a chéile, i saol an Bhéarla ar aon chuma, i gcás Hare Island agus Rabbit Island eile i Loch Éirne Íochtair, Contae Fhear Manach, ach ní léir cad atá le fáscadh as sin.
(Ar lean an mhí seo chugainn…)
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Cnoc an Mhíl/Knockaveale
- Cnocán an Ghiorria/Haremount
- Áth an Mhíl/Aghaville
- Meall na nGiorraithe/Maulnagirra
- Oileán Rois Bhig/Rabbit Island
- Ros an Mhíl/Rossaveel
- Oileán Rois Mhóir/Hare Island
- Gleann an Mhíl/Glennaveel
- Eanach Ghiorria/Annaghgerry
- An Bhuaile Mhíolach/Boleymeelagh
- Gort na nGiorriacha/Harefield
- Muine na nGiorria/Monanagirr
- An Currach Míolach/Curraghmeelagh
- Páirc an Ghiorria/Harepark
- An Léim/Leam
- Béal Átha an Mhíl/Belville
- Inis Ainín/Hareisland
- Sliabh na nGiorraithe/Slievenagorea
- An Chúil Mhíolach/Coolmela or Prospect
- Móinéar an Ghiorria/Haresmead
- Inis Uí Drisceoil/Inishodriscol
- Cnocán na nGiorriacha/Keeraunmahoona Hill