Ros Comáin/Roscommon "coill Chomáin"
Dáta: 18/12/2023
Nuair atá Lá Nollag thart, táthar anois idir an dá Nollaig, an tréimhse idir An Nollaig ar an 25 Nollaig agus Nollaig na mBan ar an 6 Eanáir. Lá Fhéile Stiofáin an chéad lá den tréimhse seo, tagairt don mhairtíreach, Naomh Stiofán. Ó tharla nach luaitear eisean i seanfhéilire na naomh in Éirinn, ní thagtar ar thagairt dó ach oiread in aon seanainm ar bhaile fearainn. Déantar comóradh air in ainm paróiste i bPort Láirge, Paróiste Stiabhna Laistigh agus Paróiste Stiabhna Lasmuigh. Ar na logainmneacha atá ceangailte le naomh acu sin lena luaitear an 26 Nollaig sna seanfhéilirí, is cinnte go mbeadh Roscommon/Ros Comáin "an choill, nó an t-ard atá faoi choill, a bhaineann le Comán" ar an gceann is aitheanta. 'Commán, ó Ross Comain' a thugtar ar an naomh seo in Félire na Naomh nÉrennach (féach logainm.ie: #100027). Ar na naoimh eile a ndeintí a gceiliúradh an 26 Nollaig, tá Coda, a luaitear sa logainm Kilcotty/Cill Coda "teampall Choda" i Loch Garman.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)