Logainmneacha Béarla i bhfeisteas Gaeilge (neasfhoghraíocht)
Circiostún/Crickstown
(logainm.ie #37859)
Dáta: 21/10/2024
Leanaimis orainn ag plé leis an neasfhoghraíocht – logainmneacha Béarla arna múnlú isteach i gcóras foghraíochta na Gaeilge gan aon iarracht ar aistriúchán – faoi mar a chonaiceamar le Gaulstown (‘Gallyston’ (*c.*1540)) → Gallastún i gContae na Mí.
Ar na samplaí eile sa chontae céanna, tá Crástún < Craystown (logainm.ie #39061), Dústún [< ‘Doweston’ (1616)] < Dowdstown (logainm.ie #1946) agus Múrtún < Mooretown (logainm.ie #38730). (Agus féach go raibh an rann ceannann céanna a breacadh síos i nGallastún le clos faoi Mhúrtún freisin i 1836: ‘Múrtan na gcrann; baile gann gortach’!) Phléamar cheana an gaelú suntasach a rinneadh ar Hilltown Little agus Hilltown Great (par. Dhamhliag) mar Sealtún Beag (logainm.ie #38375) agus Sealtún Mór (logainm.ie #38374).
Ach ní raibh an feiniméan seo teoranta do Chontae na Mí, ná baol air. Ar na samplaí as Contae Lú, béal dorais, tá Carastún < Carstown (logainm.ie #34066) agus Fileastún < Fieldstown (logainm.ie #34038) (tabhair faoi deara an guta cúnta arís); i gContae Chill Dara, tamall ó dheas ó bhaile, faighimid Boltún mar ghaelú ar Bolton (logainm nach bhfuil sloinne ann) (logainm.ie #24983) i ndán Gaeilge sa Leabhar Branach (‘do Bhultún’ (*c.*1580)). I gContae Chill Dara freisin tá Michél Ó Cléirigh mar údar againn don múnlú neasfhoghraíochta Bláthcholl – a bhfuil iarracht den mbréagshanaíocht ag roinnt leis ar ndóigh – a bhí tagtha ar Blackhall (#109012) faoi lár an 17ú haois. Díol mór suntais gaelú foghrúil mar seo a imirt ar logainm soiléir Béarla chomh gairid seo do Bhaile Átha Cliath.
Ceann de na samplaí i gContae na Mí is mó fianaise is ea Circiostún/Crickstown (logainm.ie #1844), ainm paróiste agus baile fearainn. Bhí an ceart ag Seán Ó Donnabháin nuair a thuairimigh gurbh é Crick a bhí ann ó cheart, sloinne atá seanfhianaithe i measc na nAngla-Normannach agus a sliocht. Féach mar shampla David Crick ó ‘Ballyehire’ i gContae Bhaile Átha Cliath (? léigh *Ballychire = Cheeverstown/Baile an tSíbhrigh (logainm.ie #17364)) a fuair pardún i 1560 (Calendar of Patent and Close Rolls of Chancery, Iml. I, lch. 443), agus William Crike ó Chontae Lú atá luaite i rolla paitinne i 1426 (Patent Roll 5 Henry VI; virtualtreasury.ie/circle). Tá leagan meititéisithe den sloinne seo .i. Kirk le fáil in ainm an bhaile fearainn Acra an Chircigh/Acrenakirka (logainm.ie #47683) i gContae Thiobraid Árann. Tá an fhorbairt ó Crick go Kirk le feiscint go soiléir san fhianaise luath do logainm eile i gContae Thiobraid Árann .i. Baile na Móna/Moorstown (logainm.ie #48230): tá an leagan meititéisithe Kirk le sonrú ar na tagairtí luatha don logainm féin, m.sh. ‘Ballynamonykirke’, ‘Mooretownkirke’, fad is atá an bunleagan le sonrú i sloinnte na sealbhaitheoirí, m.sh. Richard Cryk agus Philip Cryk.
Mar sin, níl aon dabht ach go dtagann Crickstown (Contae na Mí) ó Crick + -’s + -town, agus go léiríonn foirmeacha luatha, amhail ‘Kyrkyston’ agus ‘Kyrkeston’, an leagan den sloinne inar imir meititéis ar /r/. (Tá an mheititéis thar a bheith comónta i bhfochair /r/; cuir i gcás Ó Broin a bhéarlaítear mar (O’)Byrne. Féach freisin T. Pyles & J. Algeo, The Origins and Development of the English Language (1993) lch. 38.) Agus arís, taispeánann foirmeacha stairiúla ar nós ‘Kyrkyston’ agus ‘Crickiston’ an guta cúnta /ə/ roimh an mír ghinideach -’s, nós a bhí coitianta i mBéarla na gcoilínithe (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch. 692). Mar sin, tá an-chuid fianaise le fáil i logainmneacha in áiteanna eile ar son ‘Circioston’ [Circiostún] – an fhoirm a breacadh síos ó bhéalaibh na nGaeilgeoirí áitiúla i 1836 – a bheith iontaofa mar ghaelú ar Crickstown. Ach thairis sin, tá a dheimhniú le fáil i bhfoinsí Gaeilge féin ón 16ú agus 17ú haois, mar a bhfaightear na litriúcháin Ghaeilge ‘Circustoum’, ‘Circistoún’ agus ‘Chircastún’. (Tabhair faoi deara arís a chosúlacht is atá na foirmeacha gaelaithe seo leis an leagan luath tríshiollach Béarla ‘Kyrkyston’ (*c.*1305) a thaispeánann guta roimh -’s.)
Mar sin is dá bhrí sin, más ag taisteal trína leithéid seo d’áiteanna duit go bhfeiceann tú na hainmneacha aisteacha Boltún, Circiostún agus Gallastún ar na comharthaí, ná bí ag ceapadh go bhfuil siad tarraingthe as an spéir ag státseirbhíseach éigin thuas i mBaile Átha Cliath, de dheasca fuadar abhaile tráthnóna Dé hAoine. Is amhlaidh atá a leithéid de ghaelú seanbhunaithe in Éirinn agus bonn iontaofa leis. Agus is cúis machnaimh dúinn logainmneacha gaelaithe de gach saghas in oirthear na tíre, freisin: cruthaíonn siad gurbh í an Ghaeilge a bhí mar phríomhtheanga ar fud na Páile, geall leis, ar feadh na gcéadta fada bliain i ndiaidh choilíniú na nAngla-Normannach.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Circiostún/Crickstown
- Dústún/Dowdstown
- Baile an tSíbhrigh/Cheeverstown
- Boltún/Bolton
- Fileastún/Fieldstown
- Carastún/Carstown
- Circiostún/Crickstown
- Sealtún Mór/Hilltown Great
- Sealtún Beag/Hilltown Little
- Múrtún/Mooretown
- Crástún nó Baile Uí Aonghais/Craystown or Ennistown
- Acra an Chircigh/Acrenakirka
- Baile na Móna/Moorstown
- Bláthcholl/Blackhall