Ollphéisteanna agus mionphéisteanna
Poll Péiste/Pollpeasty (logainm.ie #52389)

Dáta: 15/11/2024

An osnádúrthacht a bhí faoi chaibidil againn le cúpla seachtain anuas agus sinn ag plé le logainmneacha a bhfuil púca iontu. Tá cuid den téama céanna le brath ar na samplaí a bheidh idir chamáin againn an tseachtain seo, mar atá logainmneacha ina bhfuil an focal péist le fáil. Iasacht ó bestia na Laidine is ea péist, a chiallaigh “(mythological) beast, monster” i dtosach báire, ag forbairt go “(creeping) reptile” agus ansin díreach ‘péist’ mar a thuigimidne inniu é (eDIL s.v. píast; cf. FGB s.vv. péist, piast, biast; AFB s.v. péist).

Faoi mar a fuaireamar le púca, faighimid poll “pool, hole” i gcomhlogú le péist go minic freisin. Tá dhá bhaile fearainn i gContae Loch Garman darb ainm Poll Péiste “pool, hole of (the) worm”: ceann amháin gar do Theach Munna atá béarlaithe mar Poulpeasty (logainm.ie #1383824) agus an ceann eile gar do Chluain an Róistigh, atá béarlaithe mar Pollpeasty (logainm.ie #52389). Tá tuilleadh samplaí le fáil mar mhionlogainmneacha. Sa Ghaeltacht tá Poll na Péiste (logainm.ie #1396883) i gContae Dhún na nGall (béarlaithe Pollnapeaste ar na seanléarscáileanna SO) agus Poll na bPéist (logainm.ie #1399110) in Árainn na Gaillimhe (féach An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2011). Ar na samplaí eile a taifeadadh ó chainteoirí dúchais le linn an 20ú haois tá Poll na Péiste/Poulnapeasta (logainm.ie #1419995) i gContae an Chláir agus Poll na bPiast/Poulnabeast (logainm.ie #1421720) i gContae Phort Láirge.

Is é míniú a mhol P.W. Joyce ar Poll Péiste “hole or pool of the péist or monstrous reptile” (Irish Names of Places iml.3, lch.531). Mar sin, d’fhéadfaí na samplaí thuas a chur as Béarla mar “the hole or pool of the (fabulous) beast(s)”, nó díreach “(the) worm hole”. Go deimhin, féach an leagan oifigiúil Béarla d’ainm an bhaile fearainn Poll na bPéist taobh thuaidh de chathair na Gaillimhe: Wormhole (logainm.ie #20983)!

Phléamar an logainm Poll an Phúca/Pollaphuca (logainm.ie #55309) i gContae Chill Mhantain i nóta le déanaí (.i. an baile fearainn gar don Inbhear Mór, seachas an taiscumar sna sléibhte). Thagair an t-ainm sin ó cheart do thobar fíoruisce i ndeisceart an bhaile fearainn (darbh ainm Béarla Puck’s Hole), as a n-éiríonn sruthán a ritheann síos trí ghleanntán. Fuair an baile fearainn thuasluaite Poll Péiste, gar do Chluain an Róistigh i gContae Loch Garman, a ainm siúd ó fhoinse srutháin freisin. Tugtar St. Paul’s Well air seo ar an gcéad eagrán den léarscáil SO 6ʺ (agus ar an SO 25ʺ), ainm truaillithe a ceartaíodh go Pollpeasty ar léarscáil athbhreithnithe SO 6ʺ i 1925.

Tá comhlogú deimhnitheach de tobar agus péist le fáil in ainm an bhaile fearainn Tobar na Péiste/Tobernapeastia (logainm.ie #26830) i gContae Chill Chainnigh. Níorbh aon ollphéist de chuid na samhlaíochta a bhí faoi thagairt anseo, áfach, ach fíorphéist ghránna shaolta! Is amhlaidh a dúirt muintir na háite i 1839 go raibh sé do nós acu a lámha a ní in uisce an tobair ‘chúm siúbhal péiste do leigheas’ (Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (Cill Chainnigh) I: 188). (B’ionann siúl/seol sa nath canúna seo agus ‘babhta de dhrochrud’, de réir dealraimh: cf. Ó Duinnín s.v. siubhal ‘[fit of] trouble’; Ó Dónaill s.vv. 3 seol, seolán; cf. eDIL s.v. 1 séol (b).) Más ea, is éard is brí leis an ainm Tobar na Péiste – de réir mar a tuigeadh do na cainteoirí dúchais deireanacha é – ‘tobar (leigheasta) na péiste’, agus bheadh sé le cur i gcóimheas le leithéid Tobar na Súl ‘tobar (leigheasta) na súl’, Tobar na gCluas ‘tobar (leigheasta) na gcluas’. Nuair a thug an Dr. Pádraig Ó Dálaigh (iar-Ardoifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha) cuairt ar Thobar na Péiste i 2016, fuair sé amach go dtugtar The Well of the Worms air go háitiúil (féach an tráchtas The Holy Wells of County Kilkenny). D’fhéadfadh sé go raibh an bunús íceach céanna leis an tobar fíoruisce úd Poll Péiste (St. Paul’s Well (!) SO 6ʺ) i gContae Loch Garman.

Ach ar ndóigh, ní hionann an méid seo thuas is a rá go raibh gach péist i logainmneacha ag tagairt do chruimhín beag ón saol seo: tá roinnt samplaí ann ina gcaithfeadh sé, ba dhóigh leat, gur ollphéist as na finscéalta a bhí i gceist. Ar an iliomad loch i bparóiste cnocánach na Scríne i gContae Loch Garman – gar do Churrach Cló agus an Abhainn Dubh – tá ceann ar a dtugann muintir na háite [lɔknə ˈbiːʃt]. Tá tagairtí don áit seo le fáil i bhfoinsí riaracháin de chuid an 16ú haois mar ‘Loghnebeist’ (Civil Survey Iml. IX, lch.60) agus ‘Loughnepeast’ (Ionchoisní Chúige Laighean Jac. I 23), agus is cosúil gur Loch na bPiast an bunainm Gaeilge. Ba le Jack Harding (nach maireann) – fear a bhuaigh craobh na hÉireann san iomáint i 1960 – an talamh anseo, agus dúirt seisean go mborrann an t-uisce sa loch le linn tréimhsí tirime nó go dtránn sé le linn tréimhsí fliucha! Ní foláir nó gurbh é an feiniméan seo, más fíor, a thug ar mhuintir na háite a chreidiúint go raibh piastanna (péisteanna) .i. ollphéisteanna miotaseolaíochta teanntaithe i dtóin an locha (cf. Irish Names of Places Iml. 1, lch.197: “the imprisonment of these demonical monsters is commonly attributed to St Patrick”). A leithéid chéanna, b’fhéidir, a thug ainm na péiste do roinnt áiteanna eile: féach mar shampla an nóta le Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann faoi Droim na bPiast/Drumbest “the ridge of the beasts, worms” (placenamesni.org s.n. Drumbest) i gContae Ard Mhacha (‘Drimnebest’ (1669)) (cf. logainm.ie #62247), atá suite díreach lastuaidh de loch atá “unfathomable in its centre”, de réir tuairisc amháin ó 1831.

Tá go leor samplaí eile againn den eilimint péist, et var., timpeall na tíre: m.sh. Ailt na Péiste (logainm.ie #1395256), Allt na Péiste/Altnapaste “the height, ravine of the beast, worm” (logainm.ie #16101) agus Lios na Péiste/Lisnapaste “the ringfort of the beast, worm” (#13907) i gContae Dhún na nGall; Ceapach na Péiste/Cappanapeasta “the plot of the beast, worm” (logainm.ie #6161) i gContae an Chláir; Corr na Péiste/Cornapaste “the round hill of the beast, worm” (logainm.ie #40033) i gContae Mhuineacháin; Gort na Péiste/Gortnapeasty “the field of the beast, worm” (logainm.ie #11332) i gContae Chorcaí; agus Imleach Péiste/Emlaghpeastia “boundary land of the beast, worm” (logainm.ie #22412) i gContae Chiarraí.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)