Rásaí capall agus galar craicinn
Baile na Lobhar/Leopardstown (logainm.ie #16624)
Dáta: 16/12/2024
Beimid ag éirí as na capaill de réir a chéile (geallaimid!) ach idir an dá linn caithfimid súil ar ainm na háite is mó le rá in Éirinn ó thaobh rásaí na Nollag de, mar atá Baile na Lobhar/Leopardstown i gContae Bhaile Átha Cliath.
Ní haon scéal nua é go raibh na sean-Ghaeil scafa chun rásaíocht chapall. Is mó tuairisc againn ón tseanlitríocht a thaispeáint go raibh na rásaí seo ina gcuid lárnach den aonach .i. an comhthionól poiblí a reáchtáltaí go rialta in Éirinn sa tseanaois (Fergus Kelly, Early Irish Farming lch.380). Tá an focal aonach féin le fáil i thart ar 50 ainm baile fearainn ar fud na tíre, agus é ag tagairt do shuíomh na gcomhthionól áitiúil seo, is cosúil, agus na rásaí a ghabhadh leo. Is é An tAonach/Nenagh “the (place of) assembly” (logainm.ie #1165378) i gContae Thiobraid Árann an sampla is cáiliúla díobh seo. (Logainm é sin a bhfuil nóta mór fada ar leith tuillte aige féin.) Ainmneacha nuachumtha Béarla is ea an dornán samplaí de Racecourse mar ainm baile fearainn, áfach, m.sh. logainm.ie #54178.
Is fada ó shaol na sean-Ghael atáimid anois ach níl aon mhaolú tagtha ar an ngrá coitianta do na capaill, mar a bhíonn le feiscint ag na rásaí móra bliantúla ar nós Féile Nollag Bhaile na Lobhar, idir Lá Fhéile Stiofáin agus deireadh mhí na Nollag. Agus é óg, chloiseadh duine d’údair an nóta seo an logainm Béarla Leopardstown go minic óna athar, a raibh dúil mhór aige sa rásaíocht. Chreid an garsúinín go raibh leopards ina leasainm ar na capaill a bhíodh ag rith ar luas lasrach ann! Ní liopaird atá i gceist, ar ndóigh, ach níor thógtha ar an leaid óg an mhíthuiscint, mar chuirfeadh an leagan Béarla den logainm dallamullóg ar éinne. Is amhlaidh a d’fhorbair Leopard(s)- as Leper(s)-, mar is léir ó thagairtí an 17ú haois amhail ‘Ballinlowra [otherwise] Lipperstown’ (1610), ‘Ballinlore alias Leperstowne’ (1654). Is é Baile na Lobhar an bunainm Gaeilge atá le feiscint sna péirí ailiasanna sin, agus níl i ‘Lipperstown’, ‘Leperstowne’ ach aistriúchán díreach air sin. Ní mó ná sásta a bheadh muintir na háite – gan trácht ar lucht margaíochta na rásaí – dá dtabharfaí an bhunfhoirm bhéarlaithe Leperstown ar ais, ach tá a bhunús sin soiléir go gach éinne a thuigeann an leagan Gaeilge!
Ní gá go dtagraíodh lobhar i logainmneacha do dhuine a bhí cráite leis an lobhra féin, faoi mar a chiallaíonn inniu (AFB s.v. lobhar). Sa tSean-Ghaeilge is éard is mó a bhí i gceist ná meatachán .i. duine lag tinn, agus ansin duine a raibh galar craicinn d’aon saghas ag gabháil dó/di (eDIL s.v. lobur “weak, infirm…; one who is afflicted with some skin disease”). Ghlaoití clamh (an focal a úsáidtear inniu i leith galar craicinn ar ainmhithe) ar an duine a raibh an fíorlobhra air/uirthi (eDIL s.v. clam, Mod. Irish clamh.) Agus ní hé Leopardstown na rásaíochta an t-aon sampla amháin den lobhra a bheith á leigheas le linn a aistrithe go Béarla. Tá fianaise shoiléir againn ar an logainm Cnoc an Lobhair “the hill of the leper, ailing person” (logainm.ie #45631) i gContae Shligigh, a d’fhuaimnítí [ˌkro̤kəˈloːərʹ] nó a leithéid i nGaeilge na háite. Sa bhéarlú a rinneadh ar an logainm seo, níor thiontaigh an lobhar ina liopard ach ina bhláth! D’athmhínigh muintir na háite Cnoc an Lobhair mar a bheadh Cnoc an *Fhlobhair, mar dhea, rud a lig dóibh Flowerhill a thabhairt air tar éis an athraithe teanga. Luamar cheana an sampla is cáiliúla den bhéarlú sofhriotalach seo, mar atá, go ndearnadh Cnoc an Chaca “the hill of the shit” (#31782) i gContae Luimnigh a mhilsiú go Sugarhill!
Ach mar is gnách is tríd an neasfhoghraíocht a tugadh formhór glan na logainmneacha seo a bhfuil lobhar iontu isteach sa Bhéarla. Cuir i gcás:
- na logainmneacha Gaeltachta Gort na Lobhar “the field of the lepers, ailing persons” (#12984) agus Tuairín na Lobhar “the (little) bleach green, green field of the lepers, ailing persons” (logainm.ie #9755) i gContae Chorcaí agus Cnoc na Lobhar “the hill of the lepers, ailing persons” (logainm.ie #35419) i gContae Mhaigh Eo;
- Cnocán na Lobhar/Knockaunalour “the hillock of the lepers, ailing persons” (logainm.ie #9474), Drom an Lobhair/Dromalour “the ridge of the leper, ailing person” (logainm.ie #10583) agus Gort na Lobhar/Gortnalour “the field of the lepers, ailing persons” (#9774) i gContae Chorcaí;
- Cluain na Lobhar/Cloonalour “the pasture of the lepers, ailing persons” (logainm.ie #24828) i gContae Chiarraí;
- Gort na Lobhar/Gortnalower “the field of the lepers, ailing persons” (logainm.ie #47920) – in aon pharóiste le Fearann an Spidéil/Spital-land (logainm.ie #48177) – and Ráth na Lobhar/Rathnalour “the ring-fort of the lepers, ailing persons” (logainm.ie #48323) i gContae Thiobraid Árann;
- Baile na Lobhar/Leperstown “the town(land) of the lepers, ailing persons” (logainm.ie #50388) agus Móin na Lobhar/Monalour “the bogland of the lepers, ailing persons” (logainm.ie #49944) i gContae Phort Láirge;
- Droim an Lobhair/Drumalure “the ridge of the leper, ailing person” (logainm.ie #4576) i gContae an Chabháin;
- Baile an Lobhair/Ballylower (logainm.ie #3139) i gContae Cheatharlach.
Ar deireadh, tá sampla stairiúil inspéise as Ros Mhic Thriúin i gContae Loch Garman. Thagair ‘Parknelower’ (1666) – Páirc na Lobhar “the field, park of the lepers” ní foláir – d’áit éigin i gceantar Maidilín/Maudlins (Paróiste Mhuire) (#53492), mar a raibh ospidéal lobhar sa tseanaimsir de réir dealraimh (A. Gwynn & N. Hadcock (1970) Medieval religious houses: Ireland, lch.355). Luamar thuas go raibh Gort na Lobhar in aon pharóiste le Fearann an Spidéil i gContae Thiobraid Árann. Díol spéise, más ea, go raibh Baile na Lobhar/Leopardstown féin, i gContae Bhaile Átha Cliath, i seilbh ‘St. Stephen’s Hospital, Dublin’ (1610) freisin.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)