Dewi Sant agus na Breatnaigh sa choilíneacht
Baile an Fheamrógaigh / Ballynabrock
“the town(land) of An Feamrógach (< AN Pembroke)”

(féach logainm.ie #12849)

Dáta: 01/03/2025

Mar a phléamar an taca seo anuraidh, is é 1 Márta féile éarlamh na Breataine Bige, Dewi Sant nó San Dáibhí. In ainneoin a chóngaraí is atá a thír dhúchais dúinne in Éirinn, ní luaitear Dáibhí in aon fhéilire dúchasach de chuid na nGael, ná níor bhaist sé a ainm ar aon pharóiste de chuid na seaneaglaise. Ach is eisean ba éarlamh don teampall paróiste san áit darb ainm anois Baile na Sláine / Ballynaslaney (logainm.ie #52433), gar do Mhaolán na nGabhar i gContae Loch Garman. Tá tobar beannaithe anseo fós (Saint David’s Well (site of) SO), a ndéantar turas chuige ar an gcéad lá de mhí na Márta gach bliana.
Má tá easpa tagairtí do Shan Dáibhí in ainmneacha bailte fearainn in Éirinn, níl an easpa céanna le brath i dtaobh ainmneacha eile de bhunús na Breataine Bige sna logainmneacha abhus. Uaireanta bíonn rian na mBreatnach le sonrú go soiléir, ach is minic nach dtagann sé chun solais ach le linn diantaighde ar na logainmneacha seo. Sampla maith is ea an logainm béarlaithe Ballynabrock (logainm.ie #12849) i gContae Chorcaí. Níor thógtha ar an té a cheapfadh ar an gcéadfhéachaint go mbeadh an bunús céanna leis sin is atá le Baile na mBroc / Ballynabrock (logainm.ie #45202) “the town(land) of the badgers” i gContae Shligigh. Ach léirigh an Dr. Pádraig Ó Dálaigh, an t-iar-Ardoifigeach Logainmneacha a rinne an taighde ar Chontae Chorcaí, léirigh sé gurbh ionann Ballynabrock agus ‘Pembrokyston’ atá luaite sa bhliain 1301 mar áit chónaithe dhuine darbh ainm David Pembroke. Tagann a shloinne siúd as Pembroke, ainm áite i ndeisceart na Breataine Bige (Penfro as Breatnais). Feicimid i dtagairtí stairiúla eile go ndearnadh gaelú ar an logainm seo .i. Baile an Fheamrógaigh “the town(land) of An Feamrógach’ (logainm.ie #12849) [Feamróg (~ Peambróg) < Pembroke, amhail Feoras (~ Piaras) < AN Piers] atá le léamh ar leithéid ‘Ballynembrokie’ (1610), srl. Ar ndóigh, béarlú é Ballynabrock an lae inniu ar an leagan Gaeilge sin. Tá sampla eile de Baile an Fheamrógaigh / Pembrokestown (logainm.ie #50439) le fáil i gContae Phort Láirge: arís, feicimid an leagan Gaeilge áitiúil i dtagairtí stairiúla amhail ‘Ballemembroke’ (1567).
Is é an sloinne céanna atá sa logainm Béarla Pembroke (logainm.ie #9585) i gContae Chorcaí, ar giorrú inspéise é ar ‘Penbrockstoune’ (1602). Bunús Béarla atá leis an dá shampla eile de Pembrokestown i ndeisceart Chontae Loch Garman freisin (logainm.ie #54001; #54524), ceantar ina raibh an sloinne le fáil go cinnte i measc na gcoilínithe luatha (see Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman (LnÉ IV), lgh.1457–8).
Logainmneacha soiléire go leor is ea Pembrokestown agus Pembroke, ó thaobh a mbunús Breatnach de. Ach is minicí go mór a bhíonn na Breatnaigh faoi cheilt sna leaganacha béarlaithe seo, dála Ballynabrock (< Baile an Fheambrógaigh). An Ghaeilge a fháil an lámh in uachtar ar fud choilíneacht na nAngla- (agus Chambra-)Normannach laistigh de chúpla glúin faoi ndear é seo, den chuid is mó. Féach, mar sin, go bhfuil baile fearainn i bpar. Bhaile na Sláine, Contae Loch Garman – an paróiste thuasluaite ina raibh Tobar San Dáibhí – darb ainm Ráth Héil / Rahale (logainm.ie #52401) “the ring-fort of Héil”. Is éard is Héil ann, sa chás seo, gaelú ar an ainm pearsanta Breatnaise Hwyel (Brl. Howell) (féach LnÉ IV, lch.1491). Ó tharla nach raibh aon cheiliúradh ar Dháibhí san eaglais Ghaelach, mar a luamar cheana, is é is dóichí ná gurbh iad na Breatnaigh i measc na gcoilínithe luatha a thiomnaigh an teampall paróiste agus an tobar beannaithe don naomh sin. Is leis an ngrúpa seo – nó lena shliocht – a bhain an Hwyel (nó Howell) céanna a thug ainm do Ráth Héil, gan amhras. Níos sia ó dheas i gContae Loch Garman, faighimid teampall paróiste eile a bhí tiomnaithe don naomh céanna, mar atá Maol Rancáin, gar don Chill Mhór, áit ar lonnaigh na hAngla-Normannaigh go dlúth ann (féach E. Culleton, Celtic and Early Christian Wexford, lch.130).
Tagann leaganacha gaelaithe den ainm pearsanta Howell / Hwyel i gceist sna logainmneacha Cúirt Héil / Courthoyle (logainm.ie #53374) agus b’fhéidir Cill Haighil / Kilhile (logainm.ie #53350) i gContae Loch Garman freisin. I gContae Chill Chainnigh, béal dorais, tá an t-ainm céanna le fáil i Baile Héil / Ballyhale (logainm.ie #27121) “the town(land) of Howell” agus Caisleán Héil / Rosenarra Demesne (logainm.ie #26338) “the castle of Howell”. Faighimid Baile Héil / Ballyhale (logainm.ie #21814) i gContae na Gaillimhe. Sa taobh céanna tíre is é an t-ainm pearsanta Breatnaise seo is bunús don sloinne Mac Héil / McHale, atá luaite le Co. Mhaigh Eo (Sloinnte Gaedhael is Gall s.n. Mac Héil).

Mar sin, tá an fhianaise ainmeolaíochta – .i. an t-eolas atá le fáil sna logainmneacha agus sna hainmneacha pearsanta seo – go mór ar son na mBreatnach a bheith i lár an aonaigh sna blianta beaga den choilíneacht ‘Angla-Normannach’ in Éirinn. Beidh go leor samplaí eile á bplé againn sna seachtainí amach romhainn.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)