Breatnaigh is Bailisigh is drochaistriúchán
Cloch an Bhreatnaigh / Walshpool “the stone structure of An Breatnach

(féach logainm.ie #35529)

Dáta: 08/03/2025

Ar aghaidh linn ag plé le sloinnte Breatnacha – agus tagairtí eile do choilínithe luatha ón mBreatain Bheag – in ainmneacha bailte fearainn. Mar is eol go maith, tá an sloinne Breatnach (Breathnach sa chaint) fíorchoitianta i logainmneacha abhus, agus a mhacasamhail Bhéarla Walsh/Welsh freisin. ‘Duine ón mBreatain Bheag’ (nó, níos luaithe, ‘Breatnaiseoir’) bunbhrí an téarma Breatnach sa Ghaeilge, agus is cosúil go n-úsáidtí é mar bhuafhocal tuairisciúil sular bunaíodh é mar shloinne ann féin. (Thairis sin, dar ndóigh, ní sloinnte ach ainmneacha athartha a bhí in úsáid ag na Breatnaigh féin sa tréimhse seo.)

Is mar Brannagh, Brennagh, agus mar sin de, a chastar leis an sloinne Gaeilge seo i bhfoinsí oifigiúla na Sean- agus na Nua-Ghall, chomh maith leis na foirmeacha ‘tiontaithe’ Welsh, Walsh, srl. Ní hannamh an dá leagan sin le fáil agus an duine céanna faoi thagairt. Cuir i gcás an tuairisc oifigiúil faoi ‘John Walshe, alias Brenaughgent’ as Contae Chill Chainnigh, a chuir aighneacht faoi bhráid an Tiarna Breithimh sa bhliain 1578. Ní raibh aon Bhéarla ag an Seán Breatnach uasal seo (“he not being able to express himself in English”) agus b’éigean do dhuine eile an aighneacht a chur isteach ar a shon (Calendar of State Papers relating to Ireland 1574-1585, lch.145). Sampla ríshoiléir é seo den ghaelú forleathan a d’imir ar fhormhór glan na nAngla-Normannach in Éirinn, fiú amháin in áiteanna chomh dlúthchoilínithe le Contae Chill Chainnigh, i ndeisceart Chúige Laighean. (Dála an scéil, tá dóthain fianaise in ainmneacha na mbailte fearainn féin ar a fhorleithne is a bhí an Ghaeilge ar fud na seanchoilíneachta in Osraí.)

Comhartha eile ar an ról lárnach a bhí ag na Breatnaigh sa choilíneacht luath in Éirinn is ea go bhfuil an sloinne Walsh – a fhreagraíonn don sloinne Breatnach dar ndóigh – ar an gceathrú sloinne is raidhsiúla in Éirinn inniu (E. MacLysaght, The Surnames of Ireland, lch.296). Go deimhin, is daoine dar sloinne Gaeilge Breatnach a bhí i gceist ó cheart ina lán samplaí de logainmneacha Béarla a bhfuil Walsh le fáil iontu. Cuir i gcás Walshtown (logainm.ie #17940) i gContae na Gaillimhe: feicimid an bunleagan Gaeilge Baile na mBreatnach “the town(land) of Na Breatnaigh (the Walshes; lit. the Welshmen)” go soiléir sa tagairt is luaithe dá maireann .i. ‘Ballenebrenagh’ (1585). Baile an Bhreatnaigh “the town(land) of An Breatnach (the person surnamed Walsh; lit. the Welshman)” atá againn gan aon amhras sa tagairt luath ‘Ballyubretnygh’ [sic] (1452), agus an baile fearainn darb ainm Béarla Walshestown (logainm.ie #31828) i gContae Luimnigh i gceist (Logainmneacha na hÉireann I: Contae Luimnigh, lch.12).

Mar is gnách agus sinn ag plé le cúlra ilteangach na tíre seo, bíonn sé deacair a dhéanamh amach le cinnteacht cén teanga inar cumadh na logainmneacha seo an chéad lá. Ach is féidir breithiúnas tomhaiste a bhaint as an bhfianaise anois is arís. Tógaimis mar shampla dhá bhaile fearainn darb ainm Walshestown (logainm.ie #54052; #54516) agus ceann eile darb ainm Walsheslough (logainm.ie #54358) – ar Walshtown é tráth dá raibh – agus iad suite sa bharúntacht is sia ó dheas i gContae Loch Garman, mar atá Fotharta. Is féidir linn talamh slán a dhéanamh de, nach mór, gur logainmneacha Béarla iad seo, is a rá gur sa teanga sin a cumadh formhór glan na n-ainmneacha sa bharúntacht áirithe sin. Níl gach sampla de Walsh in Éirinn ina bhéarlú ar shean-Bhreatnach ar ndóigh! Mar an gcéanna do bhailte fearainn eile den ainm céanna ar fud na Páile, a bhfuil bunús Béarla i bhfad níos dóchúla, m.sh. Walshestown i gContaetha Bhaile Átha Cliath (logainm.ie #17016) agus Chill Dara (logainm.ie #25909; #25994; #25783). (É sin ráite, luíonn sé le réasún go raibh aithne ag lucht Gaeilge na Páile ar na háiteanna seo as a n-ainmneacha gaelaithe, beag beann ar an teanga inar cumadh iad an chéad lá agus beag beann ar an bhfianaise a thagann anuas chugainn i bhfoinse gallda ar ámharaí an tsaoil.)

Ach tá go leor fianaise dhíreach ar an leagan Gaeilge den sloinne seo i logainmneacha. Is sa ghnáthfhoirm aidiachtúil An Breatnach a fhaighimid é de ghnáth. (Tabhair faoi deara go gcuireann an fhoirm sin idir ‘duine dar sloinne Breatnach’ agus ‘duine ón mBreatain Bheag’ in iúl.) Tá Baile an Bhreatnaigh “the town(land) of An Breatnach” (logainm.ie #23908) eile againn i gContae Chiarraí agus é béarlaithe mar Ballinbranhig. Féach freisin Cluain an Bhreatnaigh / Clonwalsh “the pasture of An Breatnach” (logainm.ie #48352) agus Currach an Bhreatnaigh / Walshesbog “the marsh of An Breatnach” (logainm.ie #48394) i gContae Thiobraid Árann agus Moing an Bhreatnaigh / Muingavrannig “the overgrown swamp/vegetation of An Breatnach” (logainm.ie #24745) i gContae Chiarraí. (Maidir le Cnoc an Bhreatnaigh / Knocknabranagh “the hill of An Breatnach” (logainm.ie #3488) i gContae Cheatharlach, níl sé as an áireamh gur Cnoc an Bhranair “the hill of the fallow land” a bhí ansin ó cheart.)

Thaispeáin an Dr. Fiachra Mac Gabhann, nach maireann, gur Ceathrú Mhór an Bhreatnaigh “the big quarter of An Breatnach” ba bhunainm ar Walshpool (logainm.ie #35529) i gContae Mhaigh Eo, áit ar chónaigh Éamann Buí mac Ualtair Breatnach (‘Edmond Boy McWalter Brenagh’ 1609). Thugtaí Cloch an Bhreatnaigh “the stone structure of An Breatnach” ar an áit seo freisin (‘Cloghbranagh’ (1635)). Rinneadh bréag-athmíniú air sin mar a bheadh *Loch an Bhreatnaigh “the lake of An Breatnach” (‘Lough Brannagh’ (1661)) – faoi thionchar an locha mhóir i dtuaisceart an bhaile fearainn – agus dar ndóigh, is é an leagan athmhínithe sin a thug an bréagaistriúchán atá mar ainm oifigiúil Béarla ar an áit inniu.

Faightear an fhoirm iolra Na Breatnaigh (gin. na mBreatnach) i logainmneacha freisin. Ar na samplaí flúirseacha de Baile na mBreatnach “the town(land) of Na Breatnaigh” tá na háiteanna a béarlaíodh Ballybrannagh Lower/Upper (placenamesni.org Ballybrannagh) i gContae an Dúin; Ballybrannagh (placenamesni.org Ballynabrannagh) i gContae Fhear Manach; Ballinabranagh (logainm.ie #3215) agus Ballynbranagh (logainm.ie #3573) i gContae Cheatharlach; Ballybranagh (logainm.ie #12249) agus Ballynabrannagh (logainm.ie #12427) i gContae Chorcaí; Ballybrannagh (logainm.ie #24274) agus Ballynabrennagh (logainm.ie #24757) i gContae Chiarraí; agus Ballinabrannagh (logainm.ie #55489) i gContae Chill Mhantáin. Leagan seanghaelaithe den sloinne i gcroílár na Páile atá le fáil sa logainm Coill Mhór na mBreatnach / Kilmorebrannagh “the big wood of Na Breatnaigh” (logainm.ie #25487), Contae Chill Dara, dá bhfuil tagairtí Gaeilge againn ón 15ú haois féin (‘i ccoill mhoir na mBrethnach’ (1419)). Rinneadh giorrú ar Gráig na mBreatnach “the hamlet of Na Breatnaigh” (logainm.ie #47688) i gContae Thiobraid Árann go dtí Graigue sa Bhéarla; tá a mhacasamhail le fáil i Walshgraigue (logainm.ie #53920) i ndeisceart Chontae Loch Garman, logainm de bhunús an Bhéarla féin. Agus bhí a oiread sin Breatnach sa cheantar timpeall ar Baile Héil / Ballyhale “the town(land) of Howell [Hwyel]” (logainm.ie #1412345) i ndeisceart Chontae Chill Chainnigh – áit a bhfuil clú agus cáil tuillte anois ag an gclub iomána – gur baisteadh Sliabh Breatnach / Walsh Mountains (logainm.ie #1418629) ar an sliabhraon in aice leis.

Ó thaobh an tsloinne Bhéarla féin de, áfach, bíonn bunús eile ar fad le Walsh ar uairibh, mar atá le Waleis na hAngla-Normainnise. ‘Duine ón mBreatain Bheag’ a chuireann sé sin in iúl freisin, ach ba ghnách é a bhéarlú go foghrúil mar Wallace as Béarla agus mar Bailis/Bhailis as Gaeilge, leis an aidiacht ainmfhoclaithe An Bailiseach ‘duine dar sloinne Bailis/Bhailis’. Sin é a bhí le fáil sa seanleagan den logainm An Scairt / Scart (logainm.ie #31211) i gContae Luimnigh .i. Scairt Bhaile an Bhailisigh “the thicket of the town(land) of An Bailiseach”: féach na tagairtí stairiúla ‘Scarte Ballyn Wallishoe’ (1655), ‘Scartballyvallisha’ (*c.*1660) agus ‘Scartballinvallishagh(yett)’ (1684) (Logainmneacha na hÉireann I: Contae Luimnigh, lch.243). Thaispeáin an taighde a rinne an Dr. Pádraig Ó Dálaigh, iar-chomhbhádóir linn sa Bhrainse, gur Baile an Bhailisigh (Beag/Mór) a thugtaí sa Ghaeilge ar Walshestown (logainm.ie #11757), Walshtown Beg/More (logainm.ie #12573) agus Walshtownmore (logainm.ie #12167) i gContae Chorcaí. Is cosúil gur le Waleis/Wallace atá taobh thiar den logainm Gaeilge Scairbh Bhailis / Scarawalsh “the shallow, ford of Bailis” (logainm.ie #52147) lastuaidh d’Inis Córthaidh i gContae Loch Garman (féach Logainmneacha na hÉireann: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman lgh.1533-4).

Bhí meascán éigin idir Breatnach agus Bailis/Bhailis mar leaganacha Gaeilge de Walsh, uaireanta, chomh maith leis an meascán seo idir Walsh agus Wallace sa Bhéarla féin. Féach Nicolás Bhailis dobhí na Easbog rooirrdheirc a Nosruidhe (“Nioclás Bhailis a bhí ina Easpag Ró-Oirearc in Osraí”) ag cur síos ar Nicholas Walsh, a bhí ag obair ar an gcéad aistriúchán Gaeilge den Nua-Thiomna sa 16ú haois (Tiomna Nuadh ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost, corpas.ie). Agus i 1664, faighimid an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh ag cur Gaeilge ar chuntas Béarla a scríobh Laurence Walsh faoi stair an teaghlaigh Walsh in Éirinn. Tugann an Dubhaltach an sloinne Bhails/Wails ar dhaoine ar leith ach tugann sé Na Breathnaigh ar an teaghlach i gcoitinne. Ar údar an chuntais féin, tugann sé idir Labhrás Wails .i. Breathnach, Labhrás Wailsh [sic] agus Labhrás Bhailis nó Breathnach. (Féach A Lost History of the Walsh Family, 1588, eag. Dr. Nollaig Ó Muraíle, corpas.ie; i gcló in Éigse 30). Géag den teaghlach céanna sin a bhí lonnaithe i gCarraig Mhaighin (#1371587) in oirdheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Go deimhin, thugtaí Walshes Country ar an gceantar mórthimpeall anuas isteach sa 17ú haois (‘the parts of the county Dublin, called Walshes and Harrolds countries’ 1604). Tuath Bhreatnach a bhí air sin as Gaeilge, is cosúil; féach gur bhain Tadhg Ó Neachtain míthuiscint as mar Tuath Bhranach (mar a bheadh Ó Broin Country) i 1728!

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)