Ó chreamh go cnámh
Cnámhchoill / Naghill ‘bone-wood’
(féach logainm.ie #40647)

Dáta: 07/04/2025

I nóta na seachtaine seo caite faoin bhfocal creamh in ainmneacha bailte fearainn, níor luamar na focail eile a thagraíonn don phlanda céanna, amhail cainneann “garlic, leek, onion (?)” (eDIL s.v. cainnenn), borrluslit. bulbous plant or vegetable; garlic, leek (?)” (eDIL s.v. borrlus) ná lus féin, a chiallaíonn ‘planda’ nó ‘luibh’ go ginearálta, dar ndóigh, ach a thagraíonn don chreamh go sonrach i gcomhthéacsanna áirithe (eDIL s.v. lus). Bhí cúis mhaith againn iad seo a fhágaint ar lár, is é sin, nach dtagann siad i gceist in ainmneacha bailte fearainn! (Is dócha gurb é ciall leathan an fhocail lus atá i gceist in ainm an pharóiste Lusmhaigh / Lusmagh (#2036) i gContae Uíbh Fhailí.) Ach tá logainm eile a d’fhéadfaimis a tharraingt anuas, mar atá Cluain Iongan / Clooningan (logainm.ie #45551) i gContae Shligigh: is maith an seans gur “meadow, pasture of (the) garlic cloves” a chuireann sé seo in iúl, tharla an fhobhrí sin leis an bhfocal ionga, gin. u. iongan (FGB s.v. ionga; eDIL s.v. ingen).

Ach sin a bhfuil maidir le logainmneacha ina bhfuil eilimintí eile den bhrí chéanna le creamh. Sa nóta seo beimid ag plé le heilimint a mbíonn fuaim cosúil le creamh aige go minic, mar atá cnámh. Tá cur amach againn go léir ar an bhfuaimniú cn- /kr-/ i gcanúintí áirithe sa lá atá inniu ann. Mar is minic a tharlaíonn ina leithéid d’athrú fuaime sa teangeolaíocht, ní hannamh a dhéantaí forcheartú dá réir freisin, agus focail dar tús cr- ó cheart a bheith ráite mar a bheadh cn- /kn-/ ann. (Cuir i gcás an logainm An Chraobhach “the place of bushes, trees” (#55689) i gContae Chill Mhantáin – Avondale an t-ainm Béarla – atá le fáil i gcáipéis dhátheangach de chuid an 18ú haois mar ‘Cneaugh’ agus ‘An Chneamhach’ (1726).) Is léir láithreach go gcruthaíonn na hathruithe seo fadhbanna móra san anailís dúinn ar logainmneacha ina bhfuil creamhcnámh.

Cuir i gcás an logainm Creamhchoill / Crawhill (logainm.ie #44483) i gContae Shligigh. Thug scoláirí Gaeilge na Suirbhéireachta Ordanáis cuairt ar an mbaile fearainn seo i 1836, gur bhreacadar idir ‘Creamh choill’ agus ‘Cneamh Choill’ ó chainteoirí dúchais na háite. Faoi mar a thugann eagarthóirí Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge (Fascúl 5) faoi deara, is maith an seans gurb ionann Creamhchoill / Crawhill an lae inniu agus an logainm stairiúil Cnámhchoill “bone-wood”, a thagair d’áit i gCúige Chonnacht inar fearadh cath cáiliúil anallód. (Bíodh mar atá, tugann an fhianaise le fios gurbh í Creamhchoill an fhoirm is déanaí a bhí in úsáid ag pobal Gaeilge na háite.)

Agus tógaimis Cnámhchoill / Naghill “bone-wood” (logainm.ie #40647) i gContae Mhuineacháin. Tagann an N- tosaigh seo chun solais go han-luath sna foirmeacha béarlaithe (‘Gnaghill’ 1591, ‘Naghill’ 1607, etc.), ach tá foirm amháin dílis go leor don fhuaimniú áitiúil Gaeilge, mar atá ‘Crakill’ (1664). B’fhurasta an litriú sin a thuiscint, ina aonar, mar réadú ar an logainm eile úd Creamhchoill gan amhras. Ní gá a rá go dteastaíonn anailís thomhaiste agus taighde cáiréiseach cuimsitheach i gcás a leithéid seo de logainm.

Is ann do shamplaí atá níos casta fós. Ní aithneodh éinne Cleachoill / Cleghile (logainm.ie #48842) i gContae Thiobraid Árann mar fhorbairt ón logainm Cnámhchoill “bone-wood” ach amháin go bhfuil sé seanfhianaithe mar sin i litríocht na Gaeilge féin, m.sh. ‘Cnamchaill’ [gin.] (c 1150). Luamar cheana an t-athrú comónta ó cn- /kn-/ go /kr-/, ach sa chás seo chímid athrú ó cn- /kn-/ go /kl-/! (Dála an scéil, ní hamhlaidh gur athruithe iad seo a bhaineann leis an nGaeilge amháin, ná baol air. Níl ann ach go bhfuaimnítear na foghair /l/, /n/, /r/ ag an bpointe céanna sa bhéal, nach mór, sa tslí is gur fusa iad a mheascadh. Duine d’údair an nóta seo a d’fhás aníos i mbaile Loch Garman, ní Brl. chimney a déarfadh sé ach chimley, sampla den athrú fuaime céanna sa Bhéarla féin.) Tabhair faoi deara go gcoimeádann na foinsí Gaeilge an bunlitriú tríd síos, anuas isteach sa 17ú haois féin – ‘do chnámhcoill’ (1600), ‘Cnamchoill’ (1662) – agus gur sna foinsí béarlaithe amháin a fhaighimid spléachadh ar an bhfíorfhuaimniú áitiúil, m.sh. ‘Clyquyll’ (1588) in Calendar of Ormond Deeds VI, p. 30) agus ‘Clequill’ (1591) in Fiants (Eilíse) §5565. Is minic a bhíonn na foinsí béarlaithe níos gaire don fhuaimniú áitiúil ná na foinsí coimeádacha Gaeilge! Pé ar domhan de, díol suime gur breacadh ‘cle Choill’ ó chainteoirí dúchais sa bhaile fearainn seo i 1840, foirm a dheimhníonn nach aon truaillíu de chuid an phróisis béarlaithe faoi ndear ‘Cly-’ (1588), ‘Cle-’ (1591), etc.

Díol spéise freisin go raibh bunús an ainm ar eolas sa bhliain 1840, d’ainneoin na n-athruithe fuaime seo: ‘The name of this Townland of Cleghile is pronounced in Irish nowadays Clé-Choill, but corruptly for Cnamh-Choill … celebrated as being on the western boundary of Ormond’ (Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis lch.319).

(Cé gur dlúth-chomhshuíomh é Cnámhchoill, is cosúil gur thit an bhéim ar an dara siolla sa logainm áirithe seo le cúpla céad bliain anuas ar a laghad: féach ‘cle choill’ (1840), /ˌklɛˈhɛil/ (1973). Is dócha go n-éascódh an patrún béime seo an t-athrú ó /kn-/ go /kl-/ sa chéad siolla.)

Ó thaobh brí de, is réasúnta a mheas gur thagair cuid de na samplaí den logainm seo Cnámhchoill “bone-wood”, ar a laghad, do láithreacha catha. Is cinnte gur fearadh cath san áit darbh ainm stairiúil Cnámhchoill i gContae Shligigh – a d’fhéadfadh gurb ionann is Creamhchoill / Crawhill an lae inniu; agus b’fhéidir nach aon chomhtharlúint é go raibh an dara Cnámhchoill a luamar – an áit i gContae Thiobraid Árainn a dtugtar Cleachoill / Cleghile anois air – suite ar phríomhtheorainn stairiúil. B’ann don logainm Cúil Chnámh “recess of bones” i gContae Shligigh tráth, agus é gar d’acomhal na mbarúntachtaí Tír Fhiachrach, Luíne agus Cairbre ag Béal Trá / Beltra “approach to (the) strand”. Anseo a bhí Fearsaid na Fionntrá “the sea-ford of the white strand” ag Trá Eothaile, áit ar fearadh a lán catha agus coimheascar a bhfuil cuntas orthu sa stair agus sa mhiotaseolaíocht. (Féach C. Ó Crualaoich, ‘Causeways, battles, real and imaginary …’ Sligo Field Club Journal, 2023. Cf. ár gcuid Téamaí faoi Thrácht faoi Sheachtain 4, Mí Iúil 2024.) Tá Cnámhchoill / Naghill (logainm.ie #40647) i gContae Mhuineacháin suite ar an teorainn idir bharúntachtaí Mhuineacháin agus Dhartraí freisin. Agus bhí sampla eile fós suite ar theorainn bharúntacht Bheanntraí le barúntacht Scairbh Bhailis i gContae Loch Garman, is cosúil, atá le fáil sa 17ú haois mar ‘Cnakill’ (Civil Survey of County Wexford, lch.200).

Tá an focal cnámh le fáil i dteannta le dornán eilimintí eile in ainmneacha bailte fearainn fós. Tá Cnoc na gCnámh “the hill of the bones” (logainm.ie #1399603) againn i nGaeltacht Chontae Mhaigh Eo; béarlaíodh an t-ainm Gaeilge céanna mar Knocknagrave (logainm.ie #40810) i gContae Mhuineacháin. Faighimid Cloch an Chnámha / Cloghna “the stone of the bone” (logainm.ie #3118) i gContae Cheatharlach. I gContae Chorcaí atá Com an Chnámhlaigh / Coumaclavlig (logainm.ie #8472), mar a gciallaíonn cnámhlach “place of bones”, b’fhéidir (nó neachtar acu ‘duine cnámhach, lom tanaí’ nó fiú ‘tine chnámha’); pé scéal é, tabhair faoi deara an t-athrú go c(h)l- arís. Screathan na gCnámh / Scrahanagnave “the scree-slope of the bones” (logainm.ie #23151) atá againn i gContae Chiarraí agus Mín na gCnámh / Meennagrauv “the level ground of the bones” (logainm.ie #16556) i gContae Dhún na nGall.

Tá an dara sampla againn den logainm sin Mín na gCnámh / Meennagrauv i gContae Dhún na nGall freisin (logainm.ie #16118; par. Chill Taobhóg). Díol mór spéise dúinne an t-eolas seo a leanas a bhailigh Seán Ó Donnabháin ansiúd le linn na chéad Suirbhéireachta Ordanáis i 1835:

After the defeat of Scarve Sollus (maidhm scairbhe solais) the Irish party betook themselves to the wilds of Glenfinn and passing through the townland of Srath na Bratóige they dropped their banner which gave it its name. They were afterwards pursued and overtaken at Meenagrauv where a most merciless slaughter was made of them so that their bodies were strewed on the ground like the trees of a felled wood. After the lapse of some years when peace was restored and some of the Irish allowed to settle in Glenfinn, the bones of the slain were found in this townland, gnawed by the wolves and bleaching to the sun and the northern blasts. These were collected and interred by their countrymen who in commemoration of the massacre … styled the place Mín na gCnámh.

‘Placenames of Inniskeel and Kilteevoge’, James O’Kane
Zeitschrift für Celtische Philologie, Band 31 (1970)

Agus féach gur breacadh beagnach an scéal céanna i mBailiúchán na Scol 100 bliain ina dhiaidh sin:

Nuair a bhí an chath thart i Srath na mBratóig [.i. Srath na Bratóige (#16182)] chuaidh na Gáill síos agus throid siad cath eile ins an áit seo. Marbhadh cuid mhór daoine agus cuireadh iad ins an áit in ár troideadh an chath. Ins an am fá lathair nuair a bhíonns na daoine ag treabhadh an talaimh bíonn siad ag tochailt aníos cuid de na cnámha. Sin an fáth a tugadh Mín na gCnámh ar an áit. (BNS 1094, 027.)

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)