Mic tíre soiléire!
Buaile na Bréachmhaí / Ballinabracky
“the boley, cattle-enclosure of/at An Bhréachmhaigh (“the wolf-plain”)”
(féach logainm.ie #133201)
Dáta: 05/05/2025
Thugamar le fios le déanaí go mb’fhéidir go bhfuil tagairtí indíreacha don mhac tíre le fáil i roinnt logainmneacha ina luaitear mada(dh)/madra nó cú. Ar ndóigh, ní féidir a bheith cinnte diongbháilte gur madra allta a bhí i gceist an chéad lá i leithéid Cúil an Mhadra / Coolamaddra (logainm.ie #54665), Co. Chill Mhantáin, in ainneoin is gurb ann do thagairtí fánacha amhail ‘Wolf-ys-hole’, ‘Wolfeshoal’, ‘Wolfesden’ sa chás sin. Ar an dea-uair, áfach, is amhlaidh atá go leor ainmneacha bailte fearainn ina bhfuil tagairtí díreacha soiléire don mhac tíre, mar a phléifimid an tseachtain seo.
Mac tíre an focal is coitianta ar an madra allta nó wolf sa lá atá inniu ann, focal a théann i bhfad siar sa Ghaeilge (eDIL s.v. 1 mac, macc III (c)). Agus sin é atá le fáil go soiléir i logainmneacha amhail Cnocán na Mac Tíre / Wolfhill “the hillock of the wolves” (logainm.ie #28215) i gContae Laoise (‘Knockan mac Tyry’ 1549, ‘Knockanavateiry’ 1654) agus Tuaim na Mac Tíre / Toom (logainm.ie #52721), gar d’Inis Córthaidh i gContae Loch Garman (‘Tomnemctire’ 1618). Ní nach ionadh, bhaintí úsáid as Mac Tíre mar ainm pearsanta freisin in Éirinn anallód, agus is minic a chuireann sé seo cuma dhébhríoch ar logainmneacha. Cuir i gcás an logainm Cluain Mhic Thíre / Glentire (logainm.ie #52262) i gContae Loch Garman, a d’fhéadfaí a thuiscint mar “meadow or pasture of (the) wolf”, gan dabht, ach mar “the meadow or pasture of Mac Tíre” chomh maith céanna. Mar an gcéanna do leithéid Cnocán Mhic Thíre / Knockane (logainm.ie #12381) i gContae Chorcaí agus Lismakeery / Lios Mhic Thíre (logainm.ie #1576) i gContae Luimnigh. Ach féach i gcás Lios Mhic Thíre go bhfuil baile fearainn laistigh de 6km slí ó bhaile darb ainm Baile Uí Mhic Thíre / Ballymakeery “the town(land) of Ó Mic Thíre” (logainm.ie #32091), leis an sloinne neamhchoitianta Ó Mic Thíre (féach Sloinnte Gaedheal is Gall s.n. Ó Mactíre). (Féach freisin Logainmneacha na hÉireann I: Contae Luimnigh (1992) lch.64 agus an plé in Dinnseanchas VI (1974) lgh.158-159.)
Tá go leor tagairtí do mhic tíre le fáil i mionainmneacha agus i logainmneacha stairiúla atá tite i léig, freisin: cuir i gcás an Civil Survey (*c.*1654) a luann ‘Bunaskinemicktiry’ < Bun Easca an Mhic Thíre [nó …na Mac Tíre] “the bottom of the steep stream of the wolf [nó wolves]” gar do Chill Mhucraise agus ‘Coulnemicktiry’ < Cúil na Mac Tíre ‘the recess of the wolves’ gar do Mhuine Moling i dtuaisceart Chontae Loch Garman. Tá tagairt san fhoinse céanna do ‘Woolfsfoord’ (lch.155), agus Wolfsford Bridge gar do Mhaol Rancáin i ndeisceart an chontae i gceist. Is léir nach raibh aon easpa mac tíre ar Chontae Loch Garman tráth dá raibh!
Níorbh é mac tíre an t-aon fhocal amháin a bhí ag na Gaeil ar na madraí allta seo, dar ndóigh. Bhí téarma ársa eile acu a spreag ainm pearsanta freisin, mar atá faol (eDIL s.v. 2 fáel). Tá an focal úd le fáil in ainm an bhaile fearainn Faoldroim / Feltrim (#16955) “wolf-ridge” i bhFine Gall, Contae Bhaile Átha Cliath (féach an lua ar logainmneacha comhshuite sa chéad pharagraf eile) agus is é is bunús don ainm pearsanta Faolán “little wolf” agus don sloinne gaolmhar Ó Faoláin “descendant of Faolán”. (Níl ann ach comhtharlú, is dócha, go bhfuil an Faoldroim úd i bhFine Gall suite in aice áit darb ainm Ráth Ulc / Rahulk (#16959) “(the) ring-fort of —?”. Chuige seo atáimid: féach McCone in Ériu 36 (1985) lgh.171-176 (‘Varia II’) le haghaidh plé ar an nasc idir Ind-Eorpais *wlkʷo- ‘wolf’, SG olc ‘evil, bad’ agus an t-ainm pearsanta SG Olcán [Ogham gin. Ulccagni]; cf. Clondalkin / Cluain Dolcáin (#17367).)
Ní bhraithfeadh éinne eagla mhic thíre ó ainm an bhaile fearainn An Choill / Kyle “the wood” (logainm.ie #52248) – an áit in aice le sráidbhaile an Abhalloirt i gContae Loch Garman (#1416691) – sa lá atá inniu ann. Ach féach na tagairtí luatha don logainm sin, m.sh. ‘Kilbreaghwy’ (1618), a thaispeánann an bhunfhoirm Coill Bhréachmhaí “the wood of/at Bréachmhaigh” (féach C. Ó Crualaoich and K. Whelan, [fós le foilsiú], Gaelic County Wexford 1550-1650: a story never told). Is éard atá sa dara cuid den ainm Bréachmhaigh, logainm ann féin ar comhshuíomh ársa é den struchtúr ainmfhocal + ainmfhocal .i. bréach ‘mac tíre’ (OIr. bréch) + maigh (má sa Chaighdeán) (OIr. mag) .i. “wolf-plain” (cf. Mac Giolla Easpaig, ‘Noun + noun compounds in Irish placenames’, Études Celtiques 18 (1981)). (Cf. Faoldroim “wolf-ridge” thuasluaite.) Ó tharla gur thit an focal seo bréach as úsáid faoi dheireadh thréimhse na Meán-Ghaeilge, de réir gach dealraimh – faoin 13ú haois, abraimis – is réasúnta a mheas go dtéann samplaí den logainm seo Bréachmhaigh siar thart ar mhíle bliain. Díol mór spéise, más ea, gurb é an comhshuíomh ársa seo an tagairt dhíreach don mhac tíre is coitianta go mór a fhaighimid i logainmneacha. Tá sé le fáil i níos mó ná 20 ainm baile fearainn i ngach cúige in Éirinn. Is mó réadú Nua-Ghaeilge a rinneadh den chomhfhocal Meán-Ghaeilge seo Bréchmag /ˈbʹrʹeːxβaɣ/ (áins./tabh. Bréchmaig /ˈbʹrʹeːxβaɣʹ/), agus an carn idirghutach úd inar dtáinig an cuimilteach scornach neamhghlórach ch /x/ díreach roimh an cuimilteach déliopach glórach m séimhithe /β/, gan trácht ar an g (leathan) séimhithe /ɣ/ deiridh. Agus is mó ná sin na hiarrachtaí a rinneadh ar iad seo a litriú as Béarla! Ag seo cuid de na foirmeacha béarlaithe éagsúla a d’úsáid an tSuirbhéireacht Ordanáis chun Bréachmhaigh a chur in iúl in áiteanna éagsúla ar fud na tíre (ar deiseal, ag tosnú i gConnachta):
- Breaghwy i gContaetha Shligigh (logainm.ie #45428) agus Mhaigh Eo (logainm.ie #35625; #34143; #34435; #34436);
- Breaghy i gContaetha an Longfoirt (logainm.ie #32894) agus Dhún na nGall (logainm.ie #14308; #16006) (le sampla eile i gContae Dhún na nGall de réir mar a sheasann an fhianaise faoi láthair: logainm.ie #16129);
- Breagho (logainm.ie #61081; cf. placenamesni.org, Breagho) i gContae Fhear Manach;
- Breaghey (logainm.ie #56974; placenamesni.org, Breaghey) i gContae Ard Mhacha;
- Breaghmore (logainm.ie #41542) i gContae Uíbh Fhailí (‘Breaghmoye’ 1552, ‘Breaghmoe’ 1619);
- Breahig (logainm.ie #22339; #24768) i gContae Chiarraí;
- Breaghva (logainm.ie #6888; #7221; #7050; #7250) i gContae an Chláir.
Cé go dtugann an éagsúlacht foirmeacha seo blaiseadh de shaghas éigin ar na difríochtaí idir na mórchanúintí, ná glactar leo mar léiriú mionchúiseach ar an bhfuaimniú áitiúil i ngach cás, ná baol air. (Féach mar shampla gur /ˈbʹrʹeːfə/ (1965) an fuaimniú a taifeadadh ó na cainteoirí dúchasacha deireanacha in iarthar Chontae an Chláir, ar cheann de na samplaí dar litriú oifigiúil Breaghva (#7250).)
Ar na foirmeacha is lú a mbeifí ag súil leis, b’fhéidir, tá Britway (logainm.ie #526), a bunaíodh faoi lár an 17ú haois mar ainm paróiste sibhialta (agus baile fearainn) i gContae Chorcaí (‘Briaghy’ 1619, ‘Brittway’ 1655). Thairis sin, tugann fianaise áirithe le fios go mb’fhéidir gur réadú é ainm na mbailte fearainn Bray (Lower, Upper) (#24855), Contae Chill Dara (‘Brey’ 1540), ar Bréachmhaigh freisin (‘Bremoy’ 1297, ‘Brethmor’ 1302x1306); más ea, tá seans gurb ionann é is ‘[Mag Mugna ocus] Brechmag’ a luaitear i nDinnseanchas an Phróis (*c.*1100). (Níl an anailís ar thaighde Chontae Chill Dara curtha i gcrích fós.)
Mar a chonaiceamar thuas, bhí ainm an bhaile fearainn An Choill / Kyle (logainm.ie #52248), Contae Loch Garman, cáilithe mar Coill Bhréachmhaí ó cheart. Tá samplaí eile againn de Bréachmhaigh mar cháilitheoir. Tá trí cinn acu seo i gContae na Mí, mar atá Baile Bhréachmhaí / Ballybreaghy “the town(land) of/at Bréachmhaigh” (logainm.ie #1412902) agus Bábhún Bhréachmhaí / Bawnbreaky ‘the bawn, fortified enclose of/at Bréachmhaigh’ (logainm.ie #38230) gar do Cheanannas, agus Buaile na Bréachmhaí / Ballynabracky “the boley of An Bhréachmhaigh” (logainm.ie #133201) – díol suime an t-alt – gar do Chaisleán Shiurdáin. Ach críochnóimid le Cill Bhréachmhaí / Kilbreffy “the church of/at Bréachmhaigh” (logainm.ie #54852) gar do Dhún Ard i gContae Chill Mhantáin. Tugaigí faoi deara nach bhfuil ach scread mhic tíre idir seo agus Cúil an Mhadra / Coolamaddra (logainm.ie #54665), an áit dar mhíniú Béarla ‘Wolf-ys-hole’ a chuir tús leis an bplé seo cúpla seachtain ó shin!
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Bréachmhaigh/Britway
- Lios Mhic Thíre/Lismakeery
- Bréachmhaigh/Breaghva
- /Breaghva
- Bréachmhaigh/Breaghva
- /Breaghva
- Cnocán Mhic Thíre/Knockane
- Bréachmhaigh/Breaghy
- Bréachmhaigh/Breaghy
- /Breaghy
- Faoldroim/Feltrim
- Ráth Ulc/Rahulk
- Cluain Dolcáin/Clondalkin
- Bréachmhaigh/Breahig
- Bréachmhaigh/Breahig
- Bré Íochtarach/Bray Lower
- Cnocán na Mac Tíre/Wolfhill
- Baile Uí Mhic Thíre/Ballymakeery
- Bréachmhaigh/Breaghy
- Bréachmhaigh/Breaghwy
- Bréachmhaigh an tSiáin/Breaghwyanteean
- Bréachmhaigh an Urláir/Breaghwyanurlaur
- Bréachmhaigh/Breaghwy
- Bábhún Bhréachmhaí/Bawnbreaky
- Bréachmhaigh/Breaghmore
- Bréachmhaigh/Breaghwy
- An Choill/Kyle
- Cluain Mhic Thíre/Glentire
- Tuaim na Mac Tíre/Toom
- Cúil an Mhadra/Coolamaddra
- Cill Bhréachmhaí/Kilbreffy
- Bréachmhaigh/Breaghey
- Bréachmhaigh/Breagho
- Buaile na Bréachmhaí/Ballinabrackey
- /Ballybreaghy
- An tAbhallort/Oulart